To listen to RTÉ.ie's radio and podcast services, you will need to disable any ad blocking extensions or whitelist this site.
0
00:00
00:00
Episode Notes
Scroll down for English
Léiriú atá sa dráma seo ar ghearrscéal de chuid Mháire Dinny Wren darbh ainm 'Thar an Tairseach' ón leabhar 'Go dtí an lá bán'.
Tá an ceoltóir Mairéad Ní Mhaonaigh le cluinstin i bpáirt an phríomh-charachtair, Nuala, bean a bhfuil féith faoi leith aici don amhránaíocht. Bean í atá ina cónaí léi féin go dtí go dtagann bean eile a chónaí léi a chuireann as a stuaim í.
Tá an ceol lárnach i saol Nuala. Is é an ceol a bhuaileann amach rithim an tsaoil di ó lá go lá, is é an ceol a thaispeánann di go bhfuil sí faoi chrann smola ag an tsaol agus is é an cheol a shaorann í sa deireadh nuair a fhaigheann sí a guth féin agus uchtach éalú ó na rudaí atá dá ceangail síos.
Mar fhéasta fuaime, tá ceol nuachumtha a rinne Niall Hackett fite fríd an dráma ceolmhar seo.
Is í Anne Ní Chaigne an scéalaí.
Á chraoladh ar RTÉ Raidió 1, Drama on One, ag a 8:00i.n Lá Fhéile Pádraig.
Scríbhneoir : Máire Dinny Wren.
Aisteoireacht, amhránaíocht agus amhrán nuachumtha le Máiréad Ní Mhaonaigh
Scéalaí : Anna Ní Chaigne
Ceol nuachumtha agus seinnte ag Niall Hackett.
Maoirseacht Fuaime le Richard McCullagh agus Niall Hackett.
Stiúrtha ag Eoghan Mac Giolla Bhríde
Altan's Máiréad Ní Mhaonaigh plays Nuala a woman trapped in two worlds in Maire Dinny Wren's play Thar an Tairseach.
Anna Ní Chaigne is the narrator and featuring an original score by Niall Hackett . Directed by Eoghan Mac Giolla Bhríde Series Producer Kevin Reynolds