Nuair a théann buachaill ar iarraidh, nochtann grúpa cairde mistéir atá bainteach le lios agus iarlais ón Domhan Thíos.

When a boy vanishes, a group of friends uncover a mystery involving a fairy fort and a changeling from the Otherworld.

Listen to the 1st show up top and subscribe to the Podcast here, or wherever you get yours!

Read more about it here...

An scéal

Caitheann Éala, Síofra, Tomás agus Eoinín an oíche ag campáil ar an trá. Ach nuair a thógann siad clocha ó Lios na Sí, téann Eoinín ar strae. An mhaidin dár gcionn, aimsítear Eoinín ar ais ag a theach ach tá rud éigean difriúil faoi. Caitheann Eoinín leo amhail is nach bhfuil aithne ar bith aige orthu. Cad atá air? Téann Éala, Síofra agus Tomás sa tóir ar fhreagraí, ach, an mbeidh siad sásta leis na freagraí a aimsíonn siad?

Tá Ón Domhan Thíos lán le haicsean, mistéir agus spraoi. I rith na sraithe beidh an lucht éisteachta ag caitheamh ama le laochra ón mbéaloideas agus naimhde freisin.

Bígí airdeallach, ní mar a shíltear a bhítear!

It's all upside down...

The story

Éala, Síofra, Tomás and Eoinín spend a night camping on the beach. After they take stones from a nearby fairy fort, Eoinín goes missing.

The next morning, they find Eoinín at his home, but there's something different about him. Eoinín treats his friends as if he’s never met them.

What’s up with him?

Éala, Síofra and Tomás go in search for answers, but, will they be happy with the answers they get?

Full of adventure, mystery and fun Ón Domhan Thíos, will introduce a modern audience to heroes and foes from Irish folklore.

But, be careful, because things aren’t always what they seem.

The young cast of the show!

Coimisiúnaithe ag Raidió na Gaeltachta agus RTÉjr Radio, le tacaíocht ó Coimisiún na Meáin, is cinnte go meallfaidh an léiriúchán seo daoine óga trí mhistéir, draíocht agus mothúcháin.

Commissioned by Raidió na Gaeltachta and RTÉjr Radio, with the generous support of Comisúin na Méain, this enthralling production promises to captivate young audiences with it's blend of mystery, intrigue, and emotion.