In this RTÉjr Book Club, Children's Books Ireland celebrate sharing stories as Gaeilge with their new reading guide - Give Leabhar Gaeilge! March is the month of Seachtain na Gaeilge, when everyone makes the effort to incorporate a cúpla focal into their everyday lives.

Children’s Books Ireland special reading guide, Give Leabhar Gaeilge, highlights 100 great reads for children and young people as Gaeilge. Whether you are a fluent Irish speaker, haven’t read as Gaeilge since you left school, or are hoping to improve your language skills, this guide aims to build your confidence and help you to embrace the thriving and creative industry of leabhair Ghaeilge in Ireland.

Below is a selection of some top picks from our list which is available for free download at the link below.

You can download the Give Leabhar Gaeilge reading guide here!

Aimsigh leabhar duit féin lenár leabhrán nua Give Leabhar Gaeilge. Tá leabhair ann atá lán le ceol agus spraoi don léitheoir óg, chomh maith le fabhalscéalta béaloidis, úrscéalta mistéire agus scéinséirí diostóipeacha don léitheoir níos sine. Tá flúirse leabhar as Gaeilge tagtha amach le blianta beaga anuas – táimid cinnte go n-aimseoidh tú ábhar a thaitneoidh leat iontu.

Cá Bhfuil Conall Coinín? Le Jean Claude agus aistrithe ag Tadhg Mac Dhonnagáin, Futa Fata, 10lch, ISBN 9781915684011

Téigh sa tóir ar Chonall atá imithe i bhfolach. Tá deich radharc sa leabhar lán de ghluaiseacht agus de mhionsonraí. Buailfidh tú le beacha, féileacáin, fianna agus eile. Cuirfidh seo le stór focal an teaghlaigh. Beidh fonn ar leanaí an leabhar a láimhsiú. Beidh seans ag tuismitheoirí díriú ar bhunscileanna comhairimh.

Part of a series, readers learn to count while meeting bees, butterflies, and other animals. A fun and interactive boardbook for all abilities of Irish that encourages little ones to search for Conall the rabbit hiding in the illustrations. (Aois 0–2)

Fuaimeanna na Farraige le Risteard Mac Liam, Anna Jordan agus maisithe ag Tatyana Feeney, My Irish Books, 12lch, €16.00 ISBN 9782919958924

Leabhar an-spéisiúil nuálaíoch. Tá fuaimeanna nasctha leis na leathanaigh, le ceallaire ar cúl – ach ní amhráin atá sa cheann seo! Téacs úrnua é a bhaineann leis an bhfarraige. Beidh tuismitheoirí nach bhfuil rómhuiníneach as a gcuid Gaeilge labhartha compordach leis. Tá stór focal iontach ann, agus tá na léaráidí go haoibhinn.

Perfect for adults who aren’t confident in their own level of Irish, readers can listen to the soothing sounds of the sea and learn some new seaside vocabulary. Bonus points for the parent friendly on-off button and separately sold batteries. (Aois 0–4)

Púcaí Schmúcaí! Agus Dánta Eile le Gabriel Rosenstock agus maisithe ag Tarsila Krüse agus Una Woods, Futa Fata, 58lch, €16.95 ISBN 9781910945575

Athchnuasach dánta le Gabriel Rosenstock agus blianta caite aige ag cleachtadh a cheirde. Buailtear le púcaí, eachtrán ocrach, cangarú caillte agus damhán alla scanraithe. Bainfidh éisteoirí sult as rím agus athrá – tá achan dán nasctha le taifead proifisiúnta. Tarraingíonn léaráidí gealgháireacha aird ar

charachtair, mothúcháin agus atmaisféar na ndánta. Ní thitfidh éisteoirí faoi leadrán – níl eagla ar an fhile triail a bhaint as foirmeacha éagsúla.

A beautifully poetry collection made accessible to all levels of Irish through beautiful illustrations and an interactive QR code. Readers can meet aliens, ghosts, spiders, and kangaroos while reading enjoyable rhymes. (Filíocht, Aois 2–4, 5–8)

Ag Buzzáil sa Ghairdín le hÁine Ní Ghlinn agus maisithe ag Mr Ando, An tSnáthaid Mhór, 32lch, ISBN 9781912929320

Leabhar lándaite spraíúil a thumann an léitheoir isteach i ndomhan na mbeach agus na mbláthanna. Tá rím in úsáid tríd síos agus Billí Beach ag buzz buzzáil thart, ag eitilt timpeall an ghairdín agus ag féachaint ar na bláthanna éagsúla. Tá línte láidre in úsáid ag an maisitheoir, ar nós marcóir nó crián mór agus beidh páistí in ann aithris a dhéanamh orthu. Tá ardchodarsnacht sna dathanna a léimeann ón leathanach. Seoidleabhar dathúil ó fhile agus údar do dhaoine óga atá i mbarr a réime.

The first in a series with a focus on the natural world, readers follow Billí the Bee in this charming rhyming story as he buzzes around exploring the sights and sounds of the garden. Lots of fun for Irish readers of all abilities. (Aois 4–8)

Cluasa Capaill ar an Rí le Bridget Bhreathnach maisithe ag Shona Shirley MacDonald, Futa Futa, 40lch, ISBN 9781910945605

Is aithinsint ghalánta é seo ar scéal béaloidis idirnáisiúnta. Insítear scéal Labhraí Loingseach, prionsa a bhfuil rún mór á choinneál faoi cheilt aige: rugadh é agus cluasa capaill air. Leantar Labhraí tríd an leabhair, óna óige uaigneach chuig a aosacht mar rí, agus barbóir iontaofa nua á lorg aige chun aghruaig a ghearradh d’fhéile bhliantúil na ríochta agus a chluasa a choinneáil faoi rún ina dhiaidh sin. Cuireann an pictiúrleabhar seo eispéireas thar a bheith draíochtúil agus tumthach ar fáil don léitheoir.

A retelling of the story of Labhraidh Loingseach, the king with horse’s ears, brought to life with magical illustrations capturing the humour of this beloved folktale (Aois 5–7, 8–10)

Inis Mara le Tristan Rosenstock, LeabhairCOMHAR, 82lch, ISBN 9781919601397

Cailín neamhspleách éirimiúil í Éabha agus is fúithi atá sé drochghníomhaíochtaí cheannaire nua an oileáin a thabhairt chun solais le teacht i gcabhair ar mhuintir an oileáin. Scéal taitneamhach spreagúil, le gluaiseacht mhaith. Tá léaráidí i ngach caibidil, tá na hailt gearr. Tá focail nua aibhsithe agus mínithe sa ghluais. Déantar athrá sna focail a chabhróidh le léitheoirí. Tá doimhneacht sa scéal maidir le ceisteanna móra: athrú aeráide, ceannaireacht, úsáid acmhainní nádúrtha, gníomhú ar son an phobail agus na timpeallachta.

Selected for World Book Day 2024, in this story young Éabha bravely challenges the new leader of an island. With themes surrounding climate change, this is a great story for older children to grow their confidence in reading as Gaeilge. (Aois 8–10, 10–12, 12–14)

Ruth Concannon is the Publications Officer agus is Oifigeach Gaeilge é Conall Dhonnagáin for Children’s Books Ireland, the national charity and arts organisation that champions every child’s right to develop a love of reading.

Their mission is to inspire a love of reading in children and young people in Ireland, to share their expertise and enthusiasm with the adults who guide and influence them, to champion every child’s right to excellent books and live literature events and support the artists who make that goal possible across the island of Ireland. 

Visit www.childrensbooksireland.ie for more.

And you can look back on earlier RTÉjr Book Club editions here!