Tá an bhagairt báis a rinneadh ar cheannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald cáinte go láidir aici.
Bagairt a bhí 'lom agus follasach' a dúirt sí a bhí ann.
Chuir Uachtarán Shinn Féin in iúl ar X go raibh an bhagairt báis curtha faoi bhráid na nGardaí aici.
https://twitter.com/MaryLouMcDonald/status/1813543326026465415
Deir Mary Lou McDonald ar X freisin, go ndúirt an té a rinne an bhagairt go gcaithfeadh sé sa chloigeann í.
Bagairt ar mo bheatha a bhí ann, a dúirt sí, bhí sé chomh lom agus follasach leis sin.
Géarú é an bhagairt seo, a dúir sí ar RTÉ, ar an bhfeachtas mí-úsáide ina coinne, atá leanúnach agus gan stad agus atá ar bun le thart ar bhliain.
Dúirt an Teachta Dála gur mí-úsáid frithmhá agus ar uaireanta ciníoch é seo, atá á carnadh uirthi go tréan agus ar bhealach comhordaithe.
Tá an feachtas seo ar bun, a dúírt sí, ina haghaidh féín agus in aghaidh a páirtí, in iarracht an nasc idir iad agus a lucht leanúna a bhriseadh.
Tháinig an bhagairt agus í i gceann ar phlé ar an ngá atá le doicheall iomlán roimh an bhfoiréigean in aghaidh na mban.
Ní cinsireacht a bhí anseo a dúirt sí, mar go bhfuil sí lán ar son chead cainte bheith ag daoine, ach nach bhfuil sí sásta glacadh le bagairt bháis uirthi féin ná ar aon duine eile.
Deir Mary Lou McDonald go ndearna an duine céanna bagairt ar chomhalta sinsearach den Gharda Síocháa freisin, agus go raibh súil aici go ngabhfaí i ngleic leis sin freisin.