Tá fear sna 40aí maraithe ag carr a bhuail é agus a theith ón láthair.

Tharla an eachtra ar Bhóthar an Chósta i mBaile Uí Dhúill i mBaile Átha Cliath agus an fear ag siúl ar an mbóthar.

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála timpeall a haon a chlog ar maidin.

Tá sé deimhnithe ag na Gardaí gur carr goidte a bhí san eachtra agus go raibh an carr sin tugtha faoi deara ag scuadcharr de chuid na nGardaí níos luaithe tráthnóna inn.e

Tá Ombudsman an Gharda Síochána curtha ar an eolas faoin eachtra.

Dúnadh an bóthar chun scrúdú dlíeolaíoch a dhéanamh ar an láthair, agus cuirfear scrúdú iarbháis ar chorp an fhir.

Tá finnéithe, go háirithe daoine le físeáin deaise a bhí sa cheantar timpeall an ama sin, á lorg ag na Gardaí i mBinn Éadair ar 01 6664900, aon stáisiún eile Garda, nó ar líne rúnda an Gharda ar 1800 666111.