Deir RTÉ go bhfuil díomá orthu faoi ráitis atá déanta inniu ag Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, faoin gcumarsáid idir an dá stáisiún faoin rún atá ag TG4 seirbhís nuachta a bhunú a bheadh neamhspleách ar RTÉ.

Ag labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin dúirt Alan Esslemont nár chloígh Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst le geallúint a thug sé do TG4 roinnt míonna ó shin "go dtiocfadh sé ar ais le seo a bhrú ar aghaidh."

Alan Esslemont

Ach deir RTE nach fíor an léiriú é sin ar an scéal agus go raibh "comhráití díreacha agus leathana" ag RTÉ le TG4 agus le Coimisiún na Meán faoi thodhchaí Nuacht TG4.

Mar a tuairiscíodh inné tá €13.6 milliún iarrtha ag TG4 ar an Rialtas le seirbhís nuachta dá gcuid féin a bhunú.

Arú anuraidh, mí Iúil 2022, a mhol an Coimisiún ar Thodhchaí na Meán go mbunófaí a leithéid agus ní mó ná sásta atá TG4 leis an moill.

Dúirt Alan Esslemont go bhfuil "an Stát é féin an-soiniciúil faoin nGaeilge. Déanann siad a laghad agus a chaithfeas siad…Tá RTÉ soiniciúil faoin nGaeilge freisin agus tá sé an-deacair dul chun cinn a dhéanamh. Chas mé le Kevin Bakhurst roinnt míonna ó shin. Dúirt sé go dtiocfadh sé ar ais le seo a bhrú ar aghaidh, agus níl sé sin ag tarlú...Tá ceisteanna agam faoi cad atá ar bun ag Kevin. Casfaidh mé leis Dé Céadaoin agus sílim go gcaithfidh muid dul chun cinn a dhéanamh."

Kevin Bakhurst

I ráiteas ó RTÉ deir siad go bhfuil díomá orthu faoin méid a dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, agus nach léiriú fíor atá ina chuid cainte ar an scéal.

Deir siad go raibh "comhráití díreacha agus leathana" ag RTÉ le TG4 agus le Coimisiún na Meán faoi thodhchaí Nuacht TG4.

Deir siad gur chuir RTÉ "pleananna sonracha agus costas curtha leo" ar fáil don Choimisiún a chuirfidh comhairle ar an Aire.

Deir RTÉ go gcuireann a gcuid iriseoirí clúdach leathan, ilghnéitheach ar fáil do TG4; san áireamh ansin tá an clár nuachta laethúil Nuacht TG4, an clár seachtainiúil 7LÁ chomh maith le mórimeachtaí nuachta agus cúrsaí reatha agus ábhar arlíne agus ar na meáin shóisialta.

I gcás cheardchumainn an lucht oibre dúirt Alan Esslemont gur léir ó SIPTU go bhfuil "an fhoireann an-bhuartha faoi na coinníollacha oibre agus go bhfuil an stiúideo ag titim as a chéile. Marach maoiniú ó TG4 faoi mo chinnireacht-sa bheadh an stiúideo tar éis titim as a chéile".

Dúirt sé chomh maith nach bhfuil ag éirí leis labhairt le Cumann na nIriseoirí (an NUJ).

"Ó thaobh an NUJ , le os cionn bliana tá muid ag scríobh. Ag labhairt le daoine atá i gceannas ar an NUJ, ag iarraidh labhairt leis an NUJ agus tá bac curtha orainn. Níl a fhios agam an bhfuil sé ag teacht ó Shéamus Dooley (rúnaí cúnta an NUJ in Éirinn) nó ó RTE, ach tá bac curtha ar TG4 labhairt le hiriseoirí. Agus níl sé sin trédhearcach, níl sé ceart, agus caithfidh siad an bac sin a bhogadh."

Tá Cumann na nIriseoirí tar éis a rá nach bhfuil moltaí foirmeálta ar bith feicthe acu ó TG4 agus nach mbeadh sé ceart ná cuí ag an NUJ casadh le TG4 faoi mholtaí nach bhfuil ann.

Tá fáilte curtha ag an gCumann a deir siad roimh an dearcadh dearfach atá ag TG4 faoi ionadaíocht na gceardchumann agus deir siad go bhfuil siad ag tnúth le casadh le bainistíocht an stáisiúin ag an tráth cuí.

Amárach beidh cruinniú ag Ard-Stiúrthóir RTÉ le hArd-Stiúrthóir TG4 i gceannarás TG4 i mBaile na hAbhann i gConamara.

Tá Kevin Bakhurst le casadh chomh maith le foireann Sheomra na Nuachta.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Ailbhe Ó Monacháin ar Nuacht TG4 ag 1900.