Tá Cumann Ionadaíochta na nGardaí (an GRA) tar éis an mhaoirseacht a déanadh ar an agóid inné sa gCúlóg a cháineadh mar "gur léir go raibh moill ar aonad an oird phoiblí a chur isteach."
Dá bharr a deir an cumann a dhéanann ionadaíocht ar 12,000 ball, fágadh Gardaí i mbaol ag contúirt agus míshocracht ar feadh uaireanta an chloig.
Tá an GRA tar éis iarratas a dhéanamh tráthnóna ar chruinniú faoin ábhar "ar bhonn práinne" le bainistíocht an Gharda Síochána.
Bhí réabadh foréigneach ag suíomh seanmhonarcha díomhaoin maidin inné nuair a tugadh leoraithe agus innealra isteach ar an láthair atá le réiteach le lóistín a chur ar fáil do lucht lorgtha tearmainn faoin gCóras Cosanta Idirnáisiúnta.
Ó shin tá staiceanna móra coincéite curtha ar thaobh an bhóthair ag an suíomh, agus tá daoine tar éis bailiú ann tráthnóna.
Inné gortaíodh garda slándála, caitheadh buamaí peitril agus tinte ealaíne, cuireadh tochailteoir tré thine agus déanadh damáiste de 2 charr Gardaí.
Bhí an t-ádh orthu a deir Uachtarán an GRA Mark O'Meara "nár gortaíodh Gardaí níos measa."
Tá an tAire Dlí is Cirt Helen McEntee tar éis a rá gur thug na Gardaí "freagra céimnithe" ar an méid a bhí ag tarlú agus gur cuireadh breis acmhainní ar fáil "mar a bhí siad ag teastáil."
Is léir a deir an tAire go bhfuil acmhainní sa mbreis anois ag na Gardaí tar éis na gcíréibeanna a tarraingíodh i mBaile Átha Cliath mí na Samhna seo caite.
Deir an tAire go bhfuil sprae éagumasú níos láidre, bataí agus sciatha níos fearr agus ceamaraí colainne anois ag na Gardaí agus níos mó Gardaí ar dualgas le aonaid an oird phoiblí.
Níos túisce shéan an Coimisinéir Drew Harris go raibh moill ar aonad an oird phoiblí a chur isteach agus dúirt sé nach raibh aon tuairiscí ann ar Ghardaí ná ar aon duine den phobal a bheith gortaithe.
Dúirt an Coimisinéir nach bhféadfaí glacadh leis an scliúchas a tharla inné ach dúirt sé gur ó am go ham i rith an lae a tharla an foréigean agus gur cuireadh faoi smacht go tapaidh é.
Mhol sé go láidir an 200 Garda san iomlán a bhí ar dualgas, idir Ghardaí na háite agus aonad an oird phoiblí.