21 duine san iomlán anois atá cúisithe faoin gclampar a tharla inné ar shuíomh a bhí á réiteach le lóistín a chur ar fáil do theifigh, agus seisear eile tar éis a bheith os comhair cúirte tráthnóna lena gcúiseamh leis on ord poiblí a shárú sa gCúlóg ar an taobh ó thuaidh den ardchathair.
Scaoileadh amach ar bannaí ar fad iad tar éis na héisteachta de Chúirt Dúiche Átha Cliath, ag a raibh suí speisialta deirneach aréir le 15 a chúiseamh agus a scaoileadh amach ar bannaí.
Cúisíodh inniu Gary Daly (45) as Cros an Tuaiscirt, Bóthar Mhullach Íde i 2 chúis faoin ord poiblí a shárú - a bheith bagarthach, maslach agus gan glacadh le treoir ó Gharda.
Cuireadh an dá chúis chéanna i leith Úna Colgan (69) as Droim Chonrach.
Cuireadh i leith Alan Dunne (63) as Ascaill Bhun Raite sa gCúlóg nár ghlac sé le treoir ó Gharda.
An chúis sin freisin a cuireadh in aghaidh Tom Printer (68) as an Droichead Nua i gCo Chill Dara agus in aghaidh Hugh O'Rourke (55) as Coill an Phrióra i mBÁC 7 agus in aghaidh Edmond Butler (53) as Domhnach Míde i mBÁC 13.
Ceadaíodh €200 bannaí dóibh go léir ar an gcoinníoll go bhfanfadh siad glan ó sheanmhonarcha Crown Paints ar Bhóthar Mhullach Íde.
Tugadh ordú do chuid acu fanacht glan freisin ar Bheairic na nGardaí sa gCúlóg.
Dúirt dlíodóirí thar ceann Tom Printer as Cill Dara go raibh sé ar scor, nach bhfuil an éisteacht go maith aige agus go raibh a charr fágtha ag an mbeairic aige.
Tugadh cead dó a charr a fháil ach socrú a dhéanamh leis na Gardaí, ach hordaíodh dó fanacht glan ar an áit ina dhiaidh sin.
Tá an seisear le bheith ar ais os comhair cúirte an 10ú lá de mhí Mheán an Fhómhair.