Tá príosún saoil gearrtha ar fhear a d’éignigh agus a d’ionsaigh a bhean chéile go rialta thar thréimhse "25 bliain d’ifreann."
Bhíodh sé de nós aige briseadh isteach sa teach lár na hoíche leis an mbean a éigniú.
D’fhulaing an bhean "liosta gan áireamh íde colainne agus íde gnéis" ar feadh a pósta a dúirt an Breitheamh Melanie Greally.
Léirigh an fhianaise a dúirt an breitheamh an "crá croí gan críoch leis" agus an "dochar ollmhar" a d’fhulaing an bhean faoi lámha a fir céile "a chaith go sádach léi agus mar a thoil sé féin."
Phléadáil an fear - gurbh as Co Cheatharlach dó agus atá anois 67 bliain d’aois - ciontach in 12 cúis samplach, cúisimh éigniú agus ionsaí mígheanasach agus ionsaí díobhálach.
Sa teach cónaithe a tharla na coireanna go léir idir 1991 agus 2015.
Ní féidir ainm an fhir a fhoilsiú, ar maithe leis an mbean.
Bhí 52 cúis san iomlán curtha ina leith ach ghlac Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí le 12 agus an chuid eile le tabhairt san áireamh ag an mbreitheamh.
Thug an Breitheamh Greally suntas do mhinicíocht na coiriúlachta agus gur déanadh é "le teann fuadair agus a shásamh collaí féin."
Luaigh sí go sonrach gur "foréigean ar son an fhoréigin" a bhí ann go minic, "é cruálach agus sádach" agus gur tugadh íde don bhean ina teach féin os comhair na ngasúr.
Ghearr an Breitheamh Greally príosún saoil ar an bhfear agus ó thaobh an phionóis a mhaolú dúirt sí gur go gairid roimh thús na triallach a phléadáil sé ciontach agus dúirt sí freisin nach raibh maolú nó laghdú ag gabháil dó de bharr chomh leanúnach agus chomh brúidiúil agus chomh heiscíochtúil is a bhí na coireanna.
Ina ráiteas chun na cúirte thug an bhean le fios "nach mbeidh saoirse go deo agam ón ifreann a d’fhulaing muid mar gheall ort.
"Beidh tú go deo ar nós arracht faoin leaba, ach ní thabharfaidh mé cead duit níos mó a bheith i d’arracht i m’intinn."