Tugadh 15 duine os comhair suí speisialta de Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath ag a 9 a chlog aréir agus cúisíodh iad san ord poiblí a shárú, gan treoir a ghlacadh ó Ghardaí, agus le iompar bagarthach nó maslach.

I ngach cás sé an Sáirsint Peter Keenan a thug fianaise faoin ngabháil agus cúiseamh.

Scaoileadh amach ar bannaí €300 gach duine acu, ar an gcoinníoll go bhfanann siad glan ar an suíomh a bhíodh ag monarcha Crown Paints ar Bhóthar Mhullach Íde sa gCúlóg ar an taobh ó thuaidh den ardchathair.

Níl sé de chead acu páirt a ghlacadh ach an oiread in aon agóidí.

Tá siad ar fad le bheith os comhair cúirte arís an 18ú de mhí Mheán an Fhómhair.

Gabhadh ceathrar eile freisin aréir atá le tabhairt os comhair cúirte inniu.

I measc na ndaoine a bhí os comhair cúirte bhí Philip Dwyer (56) as Crois Thamhlachta Thiar, "tuairisceoir saoránaigh" a dúirt a dhlíodóir atá tar éis a bheith "i láthair agus ag tuairisciú" ar mhórchuid tionól agus teacht le chéile. Sheas sé i dtoghchán na hEorpa agus sa toghchán áitiúil an mhí seo caite.

Cúisíodh chomh maith Anthony Moody (34) as Siúlán Chluain Seach, Coill an Phríora, BÁC. Dúirt seisean nach raibh dlíodóir aige agus nach raibh ceann uaidh. Ghlac sé leis na coinníollacha bannaí, gheall sé nach gcaithfeadh sé balacláva amuigh go poiblí agus gheall sé go síneodh sé a ainm gach Céadaoin i mBeairic na Cúlóige.

Dúirt Dean Ward (29) as Corrán Chaisleán na Croma sa gCúlóg nach raibh sé ag obair faoi láthair agus go mbeadh saorchúnamh dlí uaidh. Dúradh sa gcúirt nach raibh aon bharántas riamh air.

Ghlac Colin Belton (28) as Ascaill Belcamp i gCoill an Phríora leis na coinníolacha bannaí.

Dúirt John Turner (40) as Páirc Chaladh na Carraige sa gCúlóg go raibh sé ar Liúntas Cuardaitheora Poist agus ceadaíodh saorchúnamh dlí dó.

Scaoileadh amach ar bannaí freisin Josh Hanlon (23) as Cúirt an Ór Muire, Darndál agus Patrick Scanlon (38) as an gceantar céanna.

Bhí Christopher Byrne (27) as Cúirt an Ór Muire, Darndál chomh maith os comhair cúirte freisin.

Dúirt Andrew Vickery (30) gur oibrí tógála a bhí ann agus go raibh páirtí agus triúr gasúir bheaga aige. Dúirt an Breitheamh Dermot Dempsey leis go mb'fhéidir gur bhfearr dó féin é dá mbeadh sé gaibhte ag an obair inné.

Teagascóir aclaíochta é Stephen Burke (28) as Bóthar Bhun Raite sa gCúlóg. Dúirt seisean go raibh an fón póca tógtha uaidh ag Garda tráthnóna inné agus nach raibh sé cinnte cén chaoi a bhfaighfeadh sé ar ais é.

18 atá Martin Maughan as Garrán Chanel sa gCúlóg. Tá sé ar liúntas míchumais agus é ag íoc €50 cíosa sa tseachtain lena mháthair.

18 chomh maith atá Paul Metcalfe as Bóthar Gharraithe na Lus, BÁC 9.

51 atá Owen Burke as Eastát Bhán an Aeir, BÁC 5.

Cúisíodh beirt bhan chomh maith, Joyce Bergin as Páirc Chaisleán na Croma sa gCoill Mhór ar dhuine acu. Cuireadh cúiseamh ina leith sise freisin faoi chion tráchta a bhain le eachtraí an lae inné.

Cúisíodh Mia Johann Kearney freisin, gruagaire gan seoladh buan.