Tá sé deimhnithe ag Ollscoil na Gaillimhe do Nuacht RTÉ/TG4 go bhfuil clásal rúndachta 5 bliana i bhfeidhm acu le tríú páirtí faoi aon eolas a nochtú go poiblí faoin bhfeirm gaoithe atá beartaithe amach ó chósta Charna i gConamara.

Tá an chuideachta Fuinneamh Sceirde Teo le iarratas pleanála a dhéanamh roimh dheireadh mhí Lúnasa le 30 tuirbín gaoithe a chur i bhfarraige gar do charraigeacha na Sceirde.

Tá staisiún taighde ag Ollscoil na Gaillimhe i gCeann Mhása i gCarna le staidéar a dhéanamh ar an atmaisféir ó 1958.

An t-ionad taighde atá ag Ollscoil na Gaillimhe ar Cheann Mhása

Tá Ceann Mhása buailte ar an limistéar a bhfuil sé beartaithe ag Fuinneamh Sceirde an raon turibíní a chur.

30 tuirbín gaoithe 320 méadar ar airde i limistéar farraige 5-12 km amach ón gcladach atá i gceist.

Tharraing na tuirbíní gaoithe caint le gairid nuair a chuir an chuideachta íomhanna ar-líne ag léiriú an chuma a bheadh ar cheantair eagsúla dá gcuirfí na tuirbíní i bhfearas.

Tá imní ar dhaoine faoin tionchar a bheadh ag an togra ar an iascach, ar an turasóireacht agus ar an timpeallacht.

Chuir Nuacht RTÉ/TG4 iarratas faoin Acht Saorála Faisnéise ag an Ollscoil ag lorg aon eolas nó comhfhreagras ón mbliain 2020 go dtí anois a bhain leis an bhfeirm gaoithe atá le cur sna Sceirde.

Diúltaíodh don iarratas.

Dúradh linn go raibh comhaontú tráchtála i bhfeidhm idir Ollscoil na Gaillimhe agus an tríú páirtí a bhfuil clásal rúndachta 5 bhliana ag baint leis.

Ollscoil na Gaillimhe

D'iarr Nuacht RTÉ/TG4 ar oifig preasa na hOllscoile soiléiriú a thabhairt ar an socrú atá déanta idir an Ollscoil agus an triú páirtí.

Cuireadh an cheist chéanna ar Fuinneamh Sceirde Teo chomh maith le ceist faoi an raibh aon socrú ó thaobh airgid i gceist.

I ráiteas deir an Ollscoil go bhfuil imní orthu faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag forbairt fheirm gaoithe Charraigeacha na Sceirde ar an taighde luachmhar atá ar bun san stáisiún aimsire agus gur cuireadh an imní sin i n-iúl do na húdaráis le linn an chomhairliúcháin phoiblí.

Deir siad gur ardaigh siad na ceisteanna sin go díreach leis na forbróirí agus tá siad fós ag plé go díreach leo a deir siad.

Tuigtear dúinn go mbeidh iarratas pleanála á dhéanamh faoi dheireadh na míosa seo chugainn.

Chuig an mBord Pleanála seachas údarás áitiúil a rachaidh sé faoi na hathruithe atá déanta ar an gcóras pleanála.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Sinéad Ní Neachtain ar Nuacht TG4 ag 1900.