Tá breitheamh sna Stáit Aontaithe tar éis cás coiriúil a bhí curtha in aghaidh Donald Trump a chaitheamh amach, cás gur sháraigh sé an dlí nuair a choinnigh sé cáipéisí rúnda Stáit agus é imithe as Oifig an Uachtaráin.
Bua an-suntasach é agus Trump sa tóir an athuair ar an bpost is airde i Meiriceá.
Rialaigh an Breitheamh Dúiche Aileen Cannon, a ceapadh i Florida faoi réimeas Trump, gur go mídhleathúil a cuireadh an tIonchúisitheoir Jack Smith i gceannas ar an gcás "gan an t-údarás sin a bheith aige" a dúirt an breitheamh.
Níl sé ach coicís ó fuair Donald Trump fuascailt mór eile ón dlí, i mbreithiúnas ón gCúirt Uachtarach an chéad lá de mhí Iúil a rialaigh go bhfuil sé slán ó aon chontúirt cúiseamh do mhórchuid den méid a rinne sé agus é in oifig ó hEanáir 2017 go hEanáir 2021.
Deir lucht an ionchúisimh inniu i Florida go bhfuil siad chun achomharc a lorg.
Tá sé tarlaithe go minic gur cheadaigh na cúirteanna don Roinn Dlí is Cirt san Rialtas Feidearálach 'abhcóidí speisialta' a cheapadh i gcás ionchúiseamh phearsa polaitiúil.
Ach tá an cás faoi na cáipéisí rúnda i mbaol titim as a chéile ar fad anois, nuair a síleadh go dtí inniu go gcuirfeadh sé gairm pholaitiúil Trump ó mhaith.
Bhí sé curtha ina leith gur choinnigh sé greim go toiliúil ar cháipéisí rúnda faoi shlándáil an Stáit i Mar-a-Lago, an t-óstán atá aige i Florida, tar éis dó a bheith imithe as oifig.
Cuireadh ina leith freisin gur chuir sé bac ar chúrsa na córa agus gur chuir sé bac ar iarrachtaí an Rialtais na cáipéisí a fháil ar ais.
Sa mbreithiúnas inniu glacadh le cás dhlíodóirí Trump nach raibh sé d’údarás ag an Ard-Aighne Merrick Garland’s cinneadh a dhéanamh i 2022 an tUasal Smith a chur i gceannas ar an bhfiosrúchán faoi na cáipéisí.
Sárú a bhí ansin ar bhunreacht na tíre a dúradh mar nach iad an Pharlaimint (Teach na nIonadaithe agus an Seanad i Washington DC) a chruthaigh an oifig, agus mar nach raibh an ceapachán deimhnithe ag an Seanad.