Tá roinnt daoine gafa ag na Gardaí de bharr clampair agus tinte a lasadh ar láthair ar an taobh ó thuaidh den ardchathair, ar shuíomh atá á fhorbairt le freastal ar theifigh atá ag lorg tearmainn faoin gCóras Cosanta Idirnáisiúnta.
Tá Aonad Ord Poiblí na nGardaí ar dualgas san áit ó tar éis am lóin.
Bhain siad leas as gás-éagumasú agus gabhadh daoine.
Lasadh níos mó ná tine amháin tuairiscítear agus cuireadh innealra tré lasadh ar an suíomh sa gCúlóg ina mbíodh monarcha ag Crown Paints.
Caitheadh brící agus clocha tuairiscítear leis na Gardaí agus na seirbhísí éigeandála.
Inniu a bhí an obair fhorbartha leis an láthair a réiteach in ainm is tosaí ach b'éigean do lucht na hoibre an áit a fhágáil.
Cuirfear "lándéine an dlí" orthu siúd a tharraing an t-achrann a deir an tAire Dlí is Cirt.
Dúirt an tAire Helen McEntee go raibh "alltacht" uirthi faoin méid a bhí tarlaithe agus dúirt sí go raibh Coimisinéir na nGardaí Drew Harris tar éis a rá léi go dtabharfaí gach a raibh baint acu leis os comhair cúirte.
"Sárú ar an ord poiblí" atá na Gardaí ag tabhairt ar an lasadh agus tá an trácht á cur ar mhalairt treo acu ó Bhóthar Mhullach Íde.
Tá físeáin crochta arlíne ina bhfuil tine le feiceáil le taobh tochailteora agus in aice le crainnte. Tá daoine agus mascanna orthu le feiceáil ag tabhairt íde béil do lucht tógála.
B'éigean fios a chur ar Bhriogáid Dóiteáin Átha Cliath.
Tá súil lóistín a chur ar fáil ar an suíomh do 500 lucht lorgtha tearmainn.
Deir an Roinn Lánpháirtíochta go bhfuil próiseas ar bun leis an bpobal agus cinnirí pobail a chur ar an eolas faoina bhfuil beartaithe.
Tá "aonaid modúlacha" le tógáil istigh san trádstóras ar an suíomh de réir na Roinne, agus lóistín le cur ar fáil "de réir a chéile do theaglaigh, do lánúnacha, d'fhir aonair agus do mhná aonair."
Deir an Roinn chomh maith go bhfuil "soláthróir lóistín agus seirbhísí slándála, a bhfuil taithí acu agus ag a bhfuil muinín ag an Roinn iontu" tar éis spéis a léiriú san togra.