Tá Uachtarán Mheiriceá tar éis leas a bhaint as an Oval Office - ionad foirmeálta na cumhachta sa Teach Bán - le béim a chur ar an tábhacht atá le pobal scoilte na Stát Aontaithe a theacht le chéile tar éis an iarracht ar fheallmharú a déanadh Dé Sathairn ar a chéile comhraic i dtoghchán na Samhna Donald Trump.

"Is mór a mhaith nár gortaíodh go dona é" a dúirt Biden agus é ag impí ar gach duine seasamh siar agus guaim a choinneáil orthu féin.

"Ní mór an teas a bhaint as an bpolaitíocht. Níor chóir páirc chatha a dhéanamh den choimhlint pholaitiúil, ní áirím go bhfóire Dia orainn, páirc áir.

Is cuma cé chomh géar an choimhlint, agus cé chomh mór an duais, ní mór iompú ón bhforéigean agus an fiuchadh a laghdú."

D’iarr sé ar Mheiriceánaigh seasamh in éindí agus gan dearmad a dhéanamh nach naimhde iad ach cairde, comharsana, coghleacaithe, saoránaigh.

Shonraigh sé samplaí den fhoréigean polaitiúil le gairid - comhaltaí tofa de chuid an dá mhórpháirtí a bhfuil piléir caite leo; an t-ionsaí le casúr ar fhear céile Nancy Pelosi; an t-ionsaí gunna ar Trump.

Ó toghadh Biden trí bliana go leith ó shin níor bhain sé leas as an Oval Office ach faoi dhó roimh an lá inniu le aitheasc a thabhairt do phobal na tíre.

Léiriú é ar chumhacht agus stadas an té atá in oifig, ag tráth a bhfuil Joe Biden faoi bhrú óna pháirtí féin le seasamh siar ón toghchán, mar gheall ar an imní atá ag treisiú nach bhfuil an cumas ná éirim aige don obair níos mó.