Tá clampar ar bun ar láthair ar an taobh ó thuaidh den ardchathair, ar shuíomh atá á fhorbairt le freastal ar theifigh atá ag lorg tearmainn faoin gCóras Cosanta Idirnáisiúnta.
Tá níos mó ná tine amháin tuairiscítear lasta ar an suíomh ina mbíodh monarcha ag Crown Paints.
Inniu atá an obair fhorbartha leis an láthair a réiteach in ainm is tosaí.
"Sárú ar an ord poiblí" atá na Gardaí ag tabhairt ar an lasadh agus tá an trácht á cur ar mhalairt treo acu ó Bhóthar Mhullach Íde.
Tá físeáin crochta arlíne ina bhfuil tine le feiceáil le taobh tochailteora agus in aice le crainnte. Tá daoine agus mascanna orthu le feiceáil ag tabhairt íde béil do lucht tógála.
Tá fios curtha ar Bhriogáid Dóiteáin Átha Cliath.
Tá súil lóistín a chur ar fáil ar an suíomh do 500 lucht lorgtha tearmainn.
Deir an Roinn Lánpháirtíochta go bhfuil próiseas ar bun leis an bpobal agus cinnirí pobail a chur ar an eolas faoina bhfuil beartaithe.
Tá "aonaid modúlacha" le tógáil istigh san trádstóras ar an suíomh de réir na Roinne, agus lóistín le cur ar fáil "de réir a chéile do theaglaigh, do lánúnacha, d'fhir aonair agus do mhná aonair."
Deir an Roinn chomh maith go bhfuil "soláthróir lóistín agus seirbhísí slándála, a bhfuil taithí acu agus ag a bhfuil muinín ag an Roinn iontu" tar éis spéis a léiriú san togra.