An bhfuil tú ag teacht chuig an bhFleadh? Beidh RTÉ ann.
We need your consent to load this comcast-player contentWe use comcast-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Is i mBaile Loch Garman a bheidh Fleadh Cheoil na hÉireann Chomhaltas ar siúl in 2024 agus tá RTÉ ag fógairt go mbeidh clúdach forleathan á dhéanamh aige ar an ócáid chultúir is mó ar an oileán fad is a bheidh ceoltóirí traidisiúnta de gach aois ag teacht le chéile fud fad an bhaile agus an chontae ón 4 go dtí an 11 Lúnasa.
Táthar ag súil le thart ar 500,000 cuairteoir thar dheich lá na féile, agus beidh na hamhránaithe, ceoltóirí agus damhsóirí atá san iomaíocht ag cruinniú le chéile, i gcuideachta taibheoirí sráide agus daoine mór le rá, agus an Fhleadh tagtha go Loch Garman den chéad uair le cúig bliana fichead.
Tá RTÉ agus TG4 bródúil as bheith ag tabhairt tacaíochta do Fhleadh Cheoil na hÉireann Chomhaltas, mar chomhpháirtithe oifigiúla sna meáin agus, chomh maith le feachtas náisiúnta ar scála mór, beidh cláir agus láithreoirí RTÉ beo ar an láthair i mbaile Loch Garman.
Déardaoin an 8 Lúnasa
Craolfar The Louise Duffy Show de chuid RTÉ Radio 1 beo ó lasmuigh d'Ionad Ealaíon Loch Garman ón 12-1pm ar an 8 Lúnasa. Tar anuas agus bí páirteach san aicsean beo ón Ródaí.
Beidh Ríl an Ródaí BEO, le Neansaí Ní Choisdealbha, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, óna 3-5pm, ó Chearnóg Pheadair.
Dé hAoine an 9 Lúnasa
Craolfar The Louise Duffy Show, beo taobh amuigh d'Ionad Ealaíon Loch Garman ó 12-1pm ar an 9 Lúnasa.
Beidh Ríl an Ródaí BEO, le Neansaí Ní Choisdealbha, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, 3-5pm, ó Chearnóg Pheadair.
Beidh seó speisialta de The John Creedon Show ar siúl ó 7pm-9pm taobh amuigh d'Ionad Ealaíon Loch Garman, le ceol, aíonna speisialta agus comhrá, agus é á chraoladh beo ar RTÉ Radio 1.
Dé Sathairn an 10 Lúnasa
Beidh Ríl an Ródaí BEO, le Neansaí Ní Choisdealbha, ar Raidió na Gaeltachta, 1:20-3pm, ó Chearnóg Pheadair.
Bain sult as ceol beo le RTÉ Raidió na Gaeltachta lasmuigh d'Ionad Ealaíon Loch Garman óna 3:30-5pm le Cuisle Ceoil.
Cuirfidh Kieran Hanrahan Céilí House, ar a mbeidh ceoltóirí agus amhránaithe den chéad scoth, i láthair beo ó The Gig Rig. Bígí linn agus muid beo ar an aer idir 9-10pm ar RTÉ Radio 1.
Chomh maith leis na craoltaí ar RTÉ Radio 1 agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, le haghaidh Éire is Alba, beidh Ceolfhoireann Coirme RTÉ, faoi stiúir David Brophy, i dteannta na gceoltóirí tíre mór le rá; John Mc Intyre, Julie Fowlis, Éamon Doorley agus Zoë Conway, Ealaíontóir Comhlach Ceolfhoireann Coirme RTÉ.
Agus ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht choiteann atá idir Éire agus Albain, tugtar na stíleanna traidisiúnta, an ceol tíre agus an ceol clasaiceach le chéile in san Áras Náisiúnta Ceoldrámaíochta ag a 9pm tráthóna an 10 Lúnasa. Ticéid €40 + táille áirithinte €1.50.
Féach www.fleadhcheoil.ie le haghaidh tuilleadh eolais.