Bíonn togra faoi leith ag gach Laureate na nÓg, agus is éard atá i gceist le mo thogra, Samhlaigh, Samhlaigh: Making It Up As We Go Along, ná a bheith cruthaitheach, agus gan eagla a bheith ort rudaí nua a thriail.
Agus i Mí Aibreáin na bliana seo, is cinnte gur bhain muid triail as an bhfealsúnacht sin!
Ar an Domhnach, 14 Aibreán, tháinig muid le chéile ar Shráid Sheoirse Mhór Thuaidh i mBaile Átha Cliath chun dul ar thuras 1,400km thar ocht gcontae taobh istigh de 14 lá ar bhus taibhseach – maisithe le boilgeoga geala bándearga! Thug muid the Whole Wild World ar an turas.
Le linn ár dturais, bhuaileamar le breis agus 2,500 leanbh i scoileanna, leabharlanna, siopaí leabhar agus amharclanna fud fad Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Ar bord, bhí 37 scríbhneoirí agus maisitheoirí againn agus foireann Leabhair Pháistí Éireann … ach ní raibh siad ar fad ar bord ag an am céanna! Lá thar a bheith spreagúil a bhí ann, agus chun cur leis an rí rá ar fad, bhí foireann Nationwide RTÉ ag fanacht linn i mBaile Átha Cliath, lena láithreoir Zainab Boladale a bhí beagnach chomh sceitimíneach agus a bhí muid féin.
Bhí daoine ann freisin ó shaol na leabhar do leanaí: údair, maisitheoirí, ionadaithe ón gComhairle Ealaíon agus buíon álainn páistí lán scleondar. I measc an tslua seo, bhí seanchara – an t-údar Sadhbh Devlin, a bhí ag teacht linn ar an mbus. Bhí mé ag brionglóideach faoin lá seo le bliain iomlán agus bhí áthas orm go raibh muid ar an mbóthar faoi dheireadh, ach bhí mé neirbhíseach chomh maith.
Thug an chéad chuid den turas go Bun Cranncha muid, áit ar bhuail muid leis an scríbhneoir Paul Howard agus an scríbhneoir agus maisitheoir Isla McGuckin. Níor bhuail mé le ceachtar acu roimhe sin, ach faoin am a raibh dinnéar ite againn, mhothaigh mé go raibh seanaithne agam orthu.
Théis codlata chorraigh, mhúscail mé ar an gcéad lá le bricfeasta ag a seacht. Thaistil muid sa bhus gleoite go Scoil Mhuire i gCeann Mhálanna, an scoil is faide ó thuaidh in Éirinn, agus phioc muid suas grúpa páistí agus a múinteoir. Bhí an aimsir tar éis casadh inár n-aghaidh agus bhí an bháisteach agus an ghaoth ag déanamh a ndíchill muid a shárú. Le neamhaird ar an aimsir, chuamar ar aghaidh go Rinn Mhálanna, áit a raibh griangrafadóir agus criú ceamara ag fanacht orainn, agus rinneamar ár seacht ndícheall gan a bheith caite isteach san Atlantach Fiáin!
Ní raibh ár lá ach ag tosú. Rinneamar imeachtaí i Scoil Mhuire, ansin ar aghaidh go dtí an Craosloch agus Scoil Mhuire eile. Bhuail muid leis na scríbhneoirí Malachy Doyle agus Kim Sharkey. Bhi méadú ag teacht ar ár n-uimhreacha anois, agus bhí muid in ann imeachtaí a dhéanamh leis an 179 dalta i Scoil Mhuire chomh maith le himeachtaí comhuaineacha a reáchtáil i Scoil Náisiúnta an Ghlasáin agus Scoil Náisiúnta Craoslach.
Bhí mise leis na naíonáin bheaga i Scoil Mhuire, ag caint faoishióga agus ag foghlaim cén chaoi 'Siógais' a labhairt! Bhuail mé le go leor páistí cruthaitheacha, go leor acu ón Úcráin. Bhí Béarla, Gaeilge, Úcráinis agus Rúisis ag an gcuid is mó acu ... agus théis ár gcuairte bhí siad ag maíomh go raibh Siógais ar a dtoil acu freisin!
Chríochnaigh an lá oibre i Leabharlann Ghaoth Dobhair, áit ar léigh Sadhbh, Malachy agus mé féin do ghrúpa páistí Gaeltachta. Bhí muid ídithe, ach an-sásta leis an gcéad lá eachtrúil sin. Gan a thuilleadh moille, chuaigh muid chuig ár n-óstán agus bhí oíche mhaith codlata againn.
Níl an t-am agam anseo sibh a thabhairt tríd gach lá go mion, ach shíl mé go dtabharfadh sin léargas ginearálta daoibh ar ghnáthlá!
Bhí go leor laethanta neamhghnácha ann freisin. An mhaidin a chaith muid leis an naonúr scoláirí i Scoil Náisiúnta Éadan Fhionnfhraoich, mar shampla; ag éisteacht leo agus ag spraoi leo. Bhí níos mó daoine ar an mbus ná mar a bhí sa scoil, agus bhí atmaisféar fíor-speisialta ann.
Nó an trathnóna a chaith muid ag déanamh iontais de na pláinéid i gColáiste Poball Schull – áit a bhfuil a bpláinéadlann féin acu. Le linn an turais freisin, rinneamar cúig chinn d’imeachtaí móra in amharclanna ar ár mbealach; i Sligeach, Gaillimh, Luimneach, Béal an Mhuirthead agus Trá Lí.
Bhuaileamar le 1,100 páiste agus a múinteoirí ag na himeachtaí sin agus rinne muid seisiúin idirghníomhach leo, inar chum muid scéal le chéile. Mar thoradh air seo, tháinig roinnt vignettes gan choinne: Sarah Webb ag múineadh bailé do Dave Rudden, Tristan Rosenstock ag déanamh ceoil dhraíochtúil ar an bhfeadóg stáin i Luimneach, Chris Haughton ag labhairt Gaeilge i mBéal an Mhuirthead, Olivia Hope ag caitheamh an oird i dTrá Lí agus Karen Harte ag tarraingt ollphéiste ar luas lasrach i Sligeach.
Níor déanadh dearmad ar na daoine fásta ach an oiread. I nGaillimh, bhí seisiún iontach againn de How To Write a Proper Book, faoi stiúir Sarah Webb, le Siobhán Parkinson (Little Island Books), Tadhg Mac Dhonnagáin (Futa Fata) agus an gníomhaire litríochta Polly Nolan ag cur comhairle ar dhaoine ar mhaith leo leabhar a scríobh.
Níos déanaí, i Luimneach, bhí máistir-rang maisiúcháin ag mic léinn ádhúla ó Scoil Ealaíne Agus Deartha
Luimnigh in éindí le P.J. Lynch. Agus muid ag déanamh ár mbealaigh feadh an chósta, bhuail muid le leanaí ina seasamh lasmuigh dá scoileanna, bratacha ar foluain acu agus gáire san aer.
Taobh istigh, thug na múinteoirí tae agus cáca milis dúinn agus chuir siad fáilte mhór romhainn. Ach an rud ab fhearr ná castáil leis na páistí. Bhí siad an-bhródúil as an obair a bhí déanta acu roimh an gcuairt, agus an-sásta an obair sin a roinnt linn. Chuaigh a gcruthaitheacht agus a samhlaíocht go mór i bhfeidhm orainn. I Sligeach, mar shampla, bhí leabhair iomlána scríofa ag leanaí bunaithe ar leid scríbhneoireachta a thug mé dóibh seachtainí roimhe sin ar Zoom.
Lá an-speisialta a bhí ann domsa nuair a shroich muid cathair na Gaillimhe. Thosaigh muid i Scoil na
bhForbacha ar bhruach na farraige, scoil a chuireann an-suim i leabhair agus léitheoireacht agus d’imigh muid as sin go cathair na Gaillimhe féin.
Bhí a míle dícheall déanta ag mo bhaile dúchais chun fáilte a chur romhainn. Bhí bratacha le Whole Wild World tour ag bogadh leis an ngaoth sa Cheathrú Laidineach, agus iontas na n-iontas – bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Thugamar cuairt ar Kenny’s Bookshop, Dubray Books agus Charlie Byrne’s – áit a raibh fuinneog álainn déanta acu ag ceiliúradh na leabhar Éireannach do pháistí.
Ansin ar an Satharn, bhí an Phríomhshráid dúnta don trácht, chun deis a thabhairt do Niamh Sharkey agus a banna maisitheoirí dhá Monster Doodles a threorú.
Bhí na Dochtúirí Leabhar ar an tsráid freisin ag scaipeadh oidis leabhar do chách agus bhí an leabharlann taistil ann chomh maith. Rinneamar ár seó Making It Up As You Go Along sa Taibhdhearc agus níos déanaí sa tráthnóna How To Write A Proper Book.
Bhí an ghrian ag taitneamh ar feadh an lae. Shuigh na sluaite amuigh ag ithe dinnéir an oíche sin – muidne ina measc – agus d’fhéadfá a chreidiúint go raibh tú sa Spáinn! An lá dár gcionn, leis an ngrian fós ag taitneamh, chuaigh muid ó dheas go dtí Aillte an Mhothair agus bhí seisiún grianghraf eile againn. Ansin, chuaigh muid ar ais ar an mbus agus amach go hInis Díomáin, go Scoil Mhainchín agus Leabharlann Inis Díomáin.
Bhí an aimsir chomh maith sin go raibh muid in ann cuid de na seisiúin a dhéanamh taobh amuigh! Thugamar cuairt thapa ar Banner Books agus ar aghaidh linn go Luimneach ansin. Idir an dá linn, sa chúlra, bhí an fhoireann ag láimhseáil cúrsaí bainistíocha, le scríbhneoirí agus maisitheoirí ag teacht agus ag imeacht gan aon stró. Nuair a bhíonn turas mar seo eagraithe go maith, tarlaíonn gach rud chomh réidh sin gur féidir leat a chreidiúint go bhfuil sé easca a leithéid a eagrú.
Ach ní mar a shíltear a bhítear! Dúshlán mór a bhí ann.
Choinnigh Ruth Ní Eidhin, ár mbainisteoir tionscadail, guaim uirthi féin i gcónaí agus chinntigh sí gur tharla gach rud in am agus gan deacrachtaí dóibh siúd a bhí páirteach! Fuair sí cúnamh cumasach ón duo iontach Elaina Ryan (Príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann) agus Jenny Murray (Leas Phríomhfheidhmeannach).
Bhí ag éirí thar cionn linn go dtí gur fhág muid Trá Lí. Go tobann, mhoilligh an bus agus stad sé taobh amuigh de scoil nach raibh aon aithne againn air – Scoil Náisiúnta Derryquay. D'fhéach mé ar ár dtiománaí, Adam. Ní raibh sé seo ar an sceideal. Bhí muid in ainm is a bheith ar ár mbealach go Scoil an Chlocháin.
Chroith Adam a cheann. Bhí fadhb ag an mbus agus ní raibh sé ag dul in áit ar bith. Gan aon phlean eile againn, bhuail muid cnag ar dhoras na scoile. Chomh luath agus a d’inis muid ár scéal dóibh, tugadh isteach sa scoil muid agus chuaigh an príomhoide ar an bhfón ag lorg bus eile dúinn.
A fhad is a bhí sise ar an bhfón, chuaigh muidne isteach sa seomra ranga, le Dave Rudden ag insint scéalta agus Ashwin Chacko ag tarraingt pictiúr agus an chuid eile againn ag faire go neirbhíseach ar an gclog!
Ach bhí sé de cheart againn creidiúint in éifeachtacht mhuintir Chiarraí! Théis fiche nóiméad, bhíomar ar bhus nua ag dul i dtreo an Chlocháin, áit ar chuir páistí an Chlocháin fáilte chroíúil romhainn. D’fhan Jenny leis an Bubblegum Bus le cinntiú go mbeadh sé ar ais ar an mbóthar gan mhoill, agus go bhféadfadh muid an turas a chríochnú sa stíl céanna agus a thosaigh muid é!
Chuaigh an t-am thart go tapaidh ina dhiaidh sin agus an chéad rud eile bhí muid ar Inis Arcáin agus gan ach lá amháin eile fágtha againn. Bhí am idileach againn ar Inis Arcáin – cosúil le rud éigin as leabhar Enid Blyton. Shuigh Mary Murphy agus mé féin faoi scáth an chrainn i ngarraí na seanscoile. Tá an scoil dúnta anois de bharr easpa gasúr. Léigh muid leabhair phictiúr do pháistí ón áit agus do pháistí a rinne an turas ó Oileán Chléire.
É sin déanta, lean muid Alan Nolan agus Bridget Bhreathnach síos go dtí an trá. Tháinig gach duine –páistí, tuismitheoirí agus fiú madra – agus bhí tráthnóna álainn againn ag spraoi cois farraige. Chaith muid an oíche sin ag féachaint ar an ngrian ag dul faoi, le gloiní in ár lámha, i measc an chomhluadair ab fhearr a d’fhéadfá bheith agat.
An mhaidin dár gcionn, bhíomar ar an mbus arís agus ar ár mbealach go Leabharlann Chionn tSáile. Seisiún amháin eile. Grúpa amháin eile de pháistí a bhí ar bís chun muid a fheiceáil agus scéalta a insint dúinn – agus leis sin, bhí sé thart.
Eachtra iontach a bhí ann. Bhí Slí an Atlantaigh Fhiáin chomh maith lena cáil. Chuir a cuid radharcanna agus a rómánsúlacht faoi gheasa muid. Thug na scríbhneoirí agus na maisitheoirí gach a raibh acu dúinn, agus d’iompair siad muid ar fad lena gcuid fuinnimh agus tallainne. Agus céard is féidir liom a rá faoi na páistí?
B’iadsan an chúis a raibh muid ann, agus bhí a samhlaíocht agus a gcruthaitheacht le feiceáil gach céim den bhealach. D’fhoghlaim mé gur breá leo leabhair agus gur breá leo léamh, ach gur breá leo scéalta thar rud ar bith eile – díreach cosúil linne ag an aois chéanna.
Tá an todhchaí slán ina lámha!