Scríobhann an t-údar agus aisteoir, Roxanna Nic Liam mar gheall ar phróiséas na cruthaitheachta ina saol siúd.
Tá jab le déanamh agam. Caithfidh mé rud éigin a scríobh. Rud éigin a scríobh faoi scríbhneoireacht. Fadhb ar bith. Tá an t-ádh orm, nach bhfuil? Mar is scríbhneoir mé! Éasca péasca, nach ea? Mícheart! Ní oibríonn cruthaitheacht mar sin! Seo é an fhírinne; suíonn tú síos ag do ríomhaire chun an alt nó an dán nó an scéal a scríobh. Agus smaoiníonn tú "Bheadh cupán tae deas anois actually". Ansin, smaoiníonn tú, "oh tá an aimsir deas, cuirfidh mé mo chuid éadaí sa mheaisín níocháin" agus ansin, cuireann tú é amach ar an líne níocháin. Ansin suíonn tú síos arís ag an ríomhaire agus caithfidh tú cupán tae eile a fháil mar chríochnaigh tú do chéad cheann. Ansin tosaíonn tú ag glanadh rud éigin eile, ansin tá ocras ort agus mar sin de.
Tar éis tamall tá 6 uair imithe agus faic scríofa agat! An é seo an próiséas? Nó an bhfuil fadhb agamsa? Tá's agam go dtarlaíonn sé seo dúinn go léir. Ach cad faoi na daoine eile, na daoine atá in ann suí ag an ríomhaire le haghaidh 3 uair ag scríobh gan sos, gan cupán tae amháin, fiú. Tá éad orm faoi na daoine sin. Cad é atá acusan nach bhfuil agamsa? Cad é an fhoirmle draíochta atá ag na daoine seo?
We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Thosaigh mé ag scríobh nuair a bhí mé an-óg. Bhí mé i gcónaí ag léamh agus ansin, bhí mé ag iarraidh mo scéalta féin a scríobh. Ansin, i mo dhéagóir, bhí mé ag iarraidh slí bheatha a bhaint amach mar scríbhneoir. Scríobh mé i mo dhialann i gcónaí agus bhí mé tar éis Sylvia Plath a léamh so bhí mé an-tógtha leis an bhfilíocht.
Ach bhí mé ag iarraidh gach saghas scríbhneoireacht a dhéanamh; iriseoireacht, úrscéalta, filíocht, aon rud! GACH RUD!? So, cad a tharla? Bhí mé ag iarraidh iriseoireacht a dhéanamh ach ní raibh mé ag díriú ar mo chuid staidéar ar scoil agus ní bhfuair mé na pointí san ardteist. Bhí mé mar bhaill de Dublin Youth Theatre agus ag déanamh a lán aisteoireachta ansin agus mar sin, lean mé ar aghaidh leis an aisteoireacht. Thosaigh mé ag obair le comhlachtaí proifisiúnta san amharclann. Bhí mé fós ag scríobh anseo 's ansin ach bhí sé pearsanta. Thiocfadh dán nuair a bhí mé croíbhriste nó i ngrá le duine éigin. Aon am a raibh mothúcháin láidre agam.
Éist le haiste raidió le Roxanna Nic Liam ar Aistí ón Aer ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Ach rud éigin a thagann le aisteoireacht, rud éigin nach labhraíonn a lán daoine faoi ná na sosanna idir na jabanna. Tá go leor ‘downtime’ agat nuair atá tú ag fánacht in aice an fón don ghlaoch tábhachtach sin. An glaoch a thógann tú chun fáil amach an bhfuil an post agat. An glaoch chun fáil amach an beidh tú ag ithe mar Rí go luath, nó ag ithe cannaí pónairí go ceann i bhfad. Agus cinnte tá tú in ann jab sealadach a fháil i gcaifé nó i dteach tabhairne. Bhuel, do na cuid is mó de na aisteoirí, is gá duit jab eile a fháil fiú chun na billí agus do chíos a íoc. Seachtain amháin bíonn mé ar an teilifís ar sobal náisiúnta agus an seachtain ina dhiaidh bíonn mé ag tabhairt caife do dhaoine i mo chaifé áitiúil. Sin saol an aisteoir, tagann sé leis an gairm seo. Ach an rud nach dtagann le post i gcaifé nó le aon post seirbhís eile ná an chruthaitheacht.
Tar éis 10 mbliana ag aisteoireacht, bhí sé ag éirí níos deacra ‘s níos deacra idir na postanna aisteoireachta. Bhí mé ag obair i mbeár le haghaidh beagnach 20 bliain agus bhí m’anam ag fáil bás. Nuair a bhí mé ar an stáitse nó ag déanamh scannán gearr, bhí m’anam beo. Mhothaigh mé go raibh mé ag fás agus ag forbairt. Ní raibh aon paisean ionam ag tabhairt piontaí do dhaoine. Nuair a chuaigh mé ar ais go dtí an beár, bhí mo ghiúmar íseal. Agus thar na blianta, bhí sé ag luí go trom orm.
Gabh isteach… an focal labhartha. Timpeall 5 nó 6 blianta ó shoin, chonaic mé daoine ag déanamh filíochta ó bhéal gach áit! Bhí sé ag tarlú ag gach féile in Éirinn agus bhí daoine cosúil le Emmet Kirwan ag déanamh filíocht iontach agus ag cruthú scannáin iontach chun dul leis na dánta seo. Bhí daoine le blas cosúil liomsa ag déanamh filíocht feargach, filíocht radacach, filíocht lucht oibre!!!
Chuir mé peann ar páipéar agus thosaigh mé ag scríobh. Ach is rud an-deacair é. Nuair a chuireann duine ceist orm faoi mo phróiséas, níl freagra agam. Mar níl mé cinnte fós. Tar éis 6 bliana ag déanamh filíochta agus ag scríobh scéalta, níl próiséas agam. Uaireanta, tá sé an nádúrtha, titeann na smaointí go léir asam agus tá píosa úr lánfhásta ar an leathanach. Ach den chuid is mó den am, fiú nuair a bhfuil smaoineamh suimiúil agam, táim ag troid liom féin chun an obair a dhéanamh. "Hate writing, love having written" mar a deirtear.
Cad é an fhoirmle draíochta sin atá ag daoine éagsúla? An drochscéal ná seo: níl foirmle draíochta ann. Is í seo an fhoirmle: disciplín. Sin an fhírinne. Caithfidh tú nósanna a chruthú, ag tosnú beag agus iad a fhorbairt . Tá na mílte leabhair scríofa faoi chruthaitheacht agus scríbhneoireacht agus ag deireadh an lae, deireann siad an rud céanna; caithfidh tú nósanna a chruthú agus iad a cleachtadh. Má tá foirmle ann, seo é: Smaointí + Muinín + disciplín. Deirim é seo mar dhuine nach dtógann an chomhairle seo i gcónaí. Mar dhuine a cuireann an citeal ar siúl den 25ú uair inniu. Mar dhuine le 50 tabs oscailte tar éis alt Wikipedia amháin a léamh. Ach an rud is tábhachtaí ná, go tagann tú ar ais go dtí an ríomhaire. Níl ciall ná réasún leis mo chruthaitheacht, níl clú agam caitheann a bheadh an inspioráid ag teacht ach nuair a thagann sé, beidh mé ann agus beidh mé réidh ag suí ag an ríomhaire le cupán tae!