I gclár speisialta a craoladh as Street 66, teach tabháirne aerach i lár chathair Bhaile Átha Cliath, labhair painéal Thús Áite faoin dul chun cinn atá déanta in Éirinn maidir leis an bpobal LADTA chomh maith leis an dúshláin atá le sárú acu.

Labhair Eoin Ó Catháin agus an bpainéal faoin díchoiriúlú a ndéanadh ar an homaighnéasacht in Éirinn 30 bliain ó shin. Pléadh an rún a d'fhógair an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee ar an Mháirt ciontaithe stairiúl faoi chaidrimh gnéis idir fir homaighnéasacha a chur ar ceal agus pléadh an tábhacht a bhain leis an reifreann comhionnanais pósta.

Cíoradh stair agus comhthéacs an phobail aeraigh chomh maith leis na bunchlocha a d'athraigh meon na hÉireann agus an stádas reatha a bhaineann le hionsaithe homofóbacha le linn an chláir cumhachtach seo.

Eoin Ó Catháin

Ar an bpainéal, bhí an t-iriseoir, Eoin Ó Catháin, an file, Ciara Ní É, an scríbhneoir Lisa Nic an Bhreithimh agus léachtóir Dr. John Walsh agus an léiritheoir, Traolach Ó Buachalla a phlé na nithe atá ag dó na geirbe dóibh siúd mar dhaoine aiteacha agus aeracha. I measc na cainte, bhí an-chaint faoin spás nuafhorbartha dóibh siúd a bhfuil spéis acu iad féin a chur in iúl mar dhaoine aiteacha trí Ghaeilge.

Rinneadh cur síos ar an spás seo mar mhionlach laistigh de mhionlach. Labhair ionadaithe ó na Gaeil Aeracha, club CLG atá nuabhunaithe agus ag dul ó neart go neart chomh maith le bunaitheoirí Aerach Aiteach Gaelach, Eoin Mc Evoy agus Ciara Ní É a labhair faoin tábhacht a bhaineann leis na healaíona don phobal seo.