Ón Domhain Thíos - Dráma nua podcraolta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉjr ina bhfuil ceathrar cara gafa le scéal lán mhistéir agus draíocht nuair a imíonn duine go tobann gan tásc ná tuairisc. Ach cén áit? Agus an ann don lucht sidhe i ndáiríre?

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le lucht leirithe an dráma seo, an scríbhneoir Richie Conroy agus Caoimhe Ní Mhathúna den gcomhlacht léiriúcháin Fíbín Media.

'Ón Domhan Thíos' - cé hiad na carachtair sa dráma seo?

Is cailín láidir, loighciúil agus aclaí í Éala (12). Is cara dílis í chomh maith. Ach ní duine foirfe í. Tá sí an cheanndána agus ní maith léi a bheith mícheart. Ní minic a chloistear na focail 'tá brón orm' nó is ‘ormsa a bhí an locht’ óna béal s’aici.

Tomás (12) gealgháireach, greannmhar agus glic. Is é an duine is óiga ina chlann é agus is dócha go bhfuil tuirse ar a thuismitheoirí mar ligeann siad cead dó a rogha rud a dhéanamh.

Deirtear go minic go bhfuil Síofra (12) ar shiúl leis na sióga! Taitníonn ealaín go mór léi agus is breá léi a bheith amuigh ar siúlóid lena madra, Oscar. Tá máthair Shíofra imithe ar shlí na fírinne agus airíonn Síofra uaithi go mór í.

Is buachaill beag, tanaí é Eoinín (12). Tá asma air (plúchadh ag dul dó) agus ní ghlacann sé páirt sa spórt. Coinníonn a thuismitheoirí súil ghéar air, ní bhíonn an tsaoirse chéanna aige is a bhíonn ag a chairde.

Arbh ceart dúinn campáil san áit seo chor ar bith? (Agus cár fhágamar na pubaill?)

Cad é a tharlaíonn dóibh?

Nuair a bhíonn na cairde amuigh ag campáil, tógann Eoinín clocha ó lios na sídhe. Go gairid i ndiaidh sin, imíonn Eoinín ar strae gan tásc ná tuairisc. An lá dar gcionn, tagann Eoinín ar ais ach tá sé athraithe. Cé go bhfuil an cuma chéanna air, caitheann sé lena chairde amhail is nach bhfuil aithne ar bith aige orthu. Agus tá an t-asma a bhí ar Eoinín imithe agus tá sé go maith ag an spórt?! An-aisteach!

Cén fáth gurb iad na buachaillí is amaidí i gcónaí?

Bíonn na cailíní amaideach sa tsraith seo freisin!

An ann do na daoine maithe really?

Tá a lán liosanna agus crainn sidhe timpeall na tíre. Deirtear go mbíonn lucht na sidhe ag dul thart i gcruth ainmhithe, aon ainmhí a chónaíonn faoi thalamh - broc, sionnach, coinín srl. Tá an domhan seo lán le mistéir ach, níl aon dabht faoi, ar Oíche Shamhna, go mbíonn na doirse oscailte chuig an Domhan Thíos agus ní mór dúinn a bheith cúramach.

Cén foláireamh a thabharfá do pháistí fén podcraoladh seo?

Coinnigh an solas ar lasadh agus sibh ag dul a chodladh agus fan amach ó aon lios sidhe.

Cathain atá an podcraoladh seo ar fáil?

Sa domhan thuas: Déardaoin, 7 Márta 2024. Ní fios cathain a bheidh sé ar fáil sa Domhan Thíos.