Comhrá leis an údar Michelle Nic Pháídín fén gcéad cnuasach gearrscéalta uaithi, Súile Éisc agus scéalta eile a bheidh á phlé ar An Cúinne Dána mar Leabhar an Míosa ar Raidió na Gaeltachta.

Éist Siar Anseo

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Michelle Nic Pháidín fén leabhar nua uaithi, bailiúcháin scéalta atá ann ina bhfuil briseadh croí, an ghrá agus an díoltais agus iad inste i nglórtha éagsúla, dea-fhorbartha.

Sa teideal scéal, Súile Éisc, bristear isteach ar neamh-urchóideacht cailín óig toisc tarlúint gan coinne – ar tháinig an smaoineamh chugat de phreab?

"Nuair a bhímse ag scríobh ní bhíonn plean oibre i mo cheann, téim le sruth. Nuair a thagann smaointe chugam ansin cuirim isteach iad. Téim thar an scéal ansin le cruth agus gach rud a chur in áit le cinntiú go bhfuil an sruth ag dul sa treo cheart. Agus é sin ráite, le scéalta eile, cur i gcás 'Baile na mBlaincéad'. Scéal atá cuid mhór mhaith samhlaíochta istigh ann déarfainn gur thóg sé fiche bliain orm go raibh mé sásta leis an scéal sin."

"Ní bhíonn focal riamh leis féin nó go mbíonn tionchar ag na focail thart air. So is ailtireacht focail i ndáiríre atá ann."

"Dfheádfainn dul isteach go fóill agus píosaí beaga a athrú, focail níos fear a chur isteach ann. Sin ceann de na rudaí atá mé iontach go deo coimhéadach faoi. Tá an scéal féin tábhachtach ach tchím nuair atá mé ag scríobh go bhfuilim ag cur saibhreas ar leith ann agus bím i gcónaí ag tochailt, ag cuardach agus ag sciúradh go bhfaighidh mé an focal ceart, san áit cheart sa gcaoi go n-ardóidh sé saibhreas an scéil ina iomláine."

Chaith Nic Pháidín tamall dá hóige ag léamh agus ag scríobh agus ag foghlaim na ceirde ar an dóigh sin chomh maith. Chothaigh an bunús seo aici a cumas scríbhneoireacht dea-chumtha, snasta a chleachtadh fén am go ndeachaigh sí le gairm na hiriseoireachta, gairm a bhfuil scór bliana curtha di aici. Bhí sé seo indéanta más do ghné-ailt a bhí, agus dodhéanta más tuairisceoireacht lom, gonta na gcúirteanna nó na cruinnithe bardais a bhí de dhíth. Ach lean a paisean don tóraíocht focail i gcónaí.

"Caithfidh tú tamall fada a chaitheamh mar iriseoir go dtí go dtuigeann tú cén meáchan atá i bhfocal agus go dté an dóigh le hamharc thart orthu. Ní bhíonn focal riamh leis féin nó go mbíonn tionchar ag na focail thart air. So is ailtireacht focail i ndáiríre atá ann."

Súile Éisc agus Scéalta Eile - rogha fhairsing carachtair agus dán [Pic: Cló Iar Chonnacht]

An dtagann na glórtha éagsúla – fir, páistí, mná – chugat ina n-iomláine nó an dtriallann tú scéalta éagsúla i nglórtha difriúla go dtagann tú ar an gceann chuí?

"An chéad scéal riamh a scríobh mé ná 'Baile na mBlaincéad'. Tháinig sé sin chugam i nglór fear. Chuir sin iontas orm féin. Níl a fhios agam cad as a dtáinig an smaoineamh, níl a fhios agam cé taoi ar scríobh mé mar sin é."

Is cineál réalachas draíochta atá sa scéal féin. Tá crá croí an phríomhcharachtair inste go simplí agus go héifeachtach, ach go bhfuil saghas cumhacht rúnda aige ar a gcasann an scéal.

"Nuair a shuímse síos le scéal a scríobh tagann pé glór ar mhaith leis teacht isteach im cheann agus téim go hiomlán isteach ins an carachtair sin. Dar ndóigh, bíonn na carachtair féin ag treorú an scéil chun tosaigh i mo cheann. Téim leis agus tógaim thart ortha mar a mbeadh Lego ann!"

Maith go leor, ní shuíonn sí síos agus beart aici scríobh i nglór brick-layer nó banaltra. Murach go mbronntar na carachtair sin uirthi amach anseo!

"Dar ndóigh bíonn píosaí de na scéalta seo thart orm. Agus nuair a tharlaíonn rudaí thart orm déaraim liom féin ‘sin scéal’. Tchím na carachtair, tchím an dóigh atá siad ag plé leis an saoil, tchím an dóigh a leagan siad súil nó cos agus tá na pictiúr ag teacht chugam mar scéal. Is uaireanta nuair a shuím síos ag an gcló-scríbhneoir go léimeann ceann isteach Im cheann agus go ndeirim liom féin, ‘right, tá mise chun tógáil ar an tógáil sin agus é a chur ina iomláine. Scríobhaim scéal ó thús deireadh an chuid is mó den am, mar sin tá’n struchtúr ann, tá’n samointiú ann, tá na carachtair ann agus ina dhiaidh sin téim tríd. Ach nuair a thiteann sé ar an leathanach, shílfeá go raibh sé riamh im cheann."

Tá rann as ‘Brionglóid’ le Máire Dinny Wren mar réamhfhocal aici ag tús an leabhar a bhfuil macallaí Port na bPúcaí ann sa mhéid is go bhfuil an cuma air gur ón aer nó ón gcosmas a thagann an t-ealaíon chugainn – an mar sin atá?

"Tá an cheart glan agat. Tá ardmheas agam ar cuid scríbhneoireachta Máire Dinny Wren. Tá saibhreas as cuimse ina cuid scríbhneoireachta. Sílim nach bhfuil an t-aitheantas ceart faighte aici go fóill. An píosa sin a chur mé i dtús an leabhar, bhí sí go fíor-lách agus go tacúil liom. Níl ann ach cúpla líne ach deir sé an oiread sin. Agus sin é go díreach -- tchímse gurb é sin an dóigh go mbímse ag obair; go dtagann na scéalta chugam, nach bhfuil ionamsa ach vessel len iad a chur ar pháipéar. Agus is cinnte go bhfuil ealaíontóirí móra le rá amuigh ansin ag rá an rud céanna."

Súile Éisc agus scéalta eile le Michelle Nic Pháidín, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Siad Hugh O'Reilly Fitzgerald agus Bláithín Mhic Cana a bhí i mbun léirmheasa Dé Domhnaigh ar An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock.