We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Tá an focal aill ann agus tá an focal faill ann agus is ionann brí an dá fhocal. Tá aillte, ailltreachaí, agus failltreacha ann freisin agus pé focal atá agat orthu is deas an radharc iad ar lá breá - agus is deas an radharc atá le feiceáil uathu.
Tá Ailltreacha an Mhothair ar na hailltreacha is áille agus is cáiliúla in Éirinn. Agus tá daoine, agus turasóirí, agus uaireanta an dá dhream, ag tarraingt orthu le blianta fada go bhfeicfeadh siad a bhfuil le feiceáil uathu.
Ach anois tá seirbhís nua á cur ar fáil ag Aer Árann - seirbhís a thabharfaidh amharc ón aer ar na hailltreacha duit. Le ceiliúradh a dhéanamh ar an tseirbhís nua seo, le aithne a chur ar lucht Aer Árann fhéin, agus le aithne a chur ar na paisinéirí a úsáideann go rialta na heitiltí atá riachtanach do na hOileáin Árann, beidh Iris Aniar ag craoladh beo ó Aerfort Chonamara sna Minna nuair a sheolfar an tseirbhís seo go hoifigiúil.
Bean a bhíonn le feiceáil ag eitilt abhaile go minic go hInis Oírr ná Eibhlín Ní Chatháin, agus is í a chuirfidh an clár speisialta seo de Iris Aniar i láthair.
Ach ní áilleacht ná diamhaireacht na n-ailltreacha amháin faoi deara na sluaite bheith ag dul ag breathú orthu, ach mar gheall ar an gcáil scannán atá bainte amach acu freisin.
Tá Ailltreacha an Mhothair le feiceáil sna scannáin The Princess Bride, Harry Potter and the Half-Blood Prince, agus Leap Year gan ach roinnt a lua. Agus is cinnte gur chur na scannáin sin le líon na ndaoine a thiomáineann chomh fada leo nó a théann ar thurasanna bád amach as Dúlainn nó as Dug na Gaillimhe len iad a fheiceáil.
Bígí linn Dé hAoine 10 Bealtaine ag 9.15rn ar RTE Raidió na Gaeltachta.