Is mian le RTÉ daoine a cheapadh ar Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta le ionadaíocht a dhéanamh thar ceann lucht éisteachta na seirbhíse.
Labhair Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid MacDonncha, le Tús Áite ina thaobh Dé hAoine seo caite.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Is é an ról atá ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ná seirbhís náisiúnta raidió trí Ghaeilge a chur ar fáil mar chuid de sheirbhís craoltóireachta RTÉ.
Is seirbhís í ina gcothaítear ceangal idir an t-éisteoir agus pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Is grúpa comhairleach í An Chomhairle ar a ndéantar ionadaíocht ar éisteoirí na seirbhíse agus a chuireann comhairle ar RTÉ agus ar bhainistíocht RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir le fís, luachanna, tosaíochtaí straitéiseacha agus próiseas pleanála na seirbhíse chomh maith le léirmheas a thabhairt ar chláracha a chraoltar agus ar an tseirbhís a chuirtear ar fáil.
Tabharfaidh baill na Comhairle a dtuairimí maidir le hinniúlacht, tionchar agus caighdeán chláracha RTÉ Raidió na Gaeltachta agus, más mian leo, déanfaidh siad moltaí cuí. Aon nduine dhéag atá le ceapadh ar an gComhairle, ina measc ball foirne amháin de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta. Trí bliana an téarma atá i gceist agus bíonn ceithre chruinniú in aghaidh na bliana ag an gComhairle.
Ní íocfar tuarastal i leith ballraíochta ach íocfar costais taistil le freastal ar chruinnithe de réir bheartas RTÉ. Más suim leat a bheith ar Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta líon an fhoirm thíos agus seol chuig: comhairle@rte.ie Is é an spriocdháta i gcomhair iarratais ná Dé hAoine, an 28ú Meitheamh 2024, ag a 5i.n.
Ainm:
Seoladh:
Uimh. Theil.:
Seoladh Ríomhphoist:
Cén fáth ar mhaith leat a bheith i do bhall de Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta?
Cén taithí atá agat a chabhróidh leat sa ról? (600 focal)