Sna trí chlár seo, atá curtha i láthair ag Treasa Bhreathnach, breathnófar ar obair an innealtóra Albanach Alexander Nimmo, fear a d'fhág a lorg ar infreastructúr na tíre agus go háirithe ar Chonamara agus Iarthar na tíre. Bhí sé i mbun oibre in Éirinn os cionn dhá chéad bliain ó shin, ach cén seasmhacht atá ag a chuid oibre i gcomhthéacs an lae inniu?
Éist Siar le Clár 1 anseo
Éist Siar le Clár 2 anseo
ÉIst Siar le Clár 3 anseo
Macalla Nimmo
Tá lorg Albanach le feiceáil go láidir ar infreastruchtúr na tíre seo idir dhroichid, bhóithre agus chéibheanna agus b'Albanach amháin ach go háirithe a bhí freagrach as sin, sin é an t-innealtóir Alexander Nimmo. Ní inniu ná inné a tháinig sé go hÉireann mar go raibh sé i mbun oibre anseo os cionn dhá chéad bliain ó shin.
I mionsraith nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, breathnóidh Treasa Bhreathnach ar obair an innealtóra agus a sheasmhacht i gcomhthéacs aeráide an lae inniu. Cé go bhfuil a shaothar le feiceáil ar fud na tíre, beifear ag díriú go háirithe ar an Iarthar sa tsraith seo.
Tá obair Nimmo fós ábhartha sa lá atá inniu ann agus sa gcéad chlár cloisfimid faoin togra RePEAT, togra a bhaineann úsáide as mapaí a tharraing Nimmo agus innealtóirí eile agus iad ag obair le Coimisiún na bPortach.
Is é an sprioc a bhí acu ag an am ná eolas a fháil faoin gcaoi leis na portaigh a dhraenáil ach anois tá úsáid á bhaint as na mapaí céanna chun na portaigh a athfhliuchadh. B’fhear é Nimmo a thuig tírdhreach Chonamara agus cuirfear an cheist an raibh Nimmo chun cinn ar obair gheolaithe aitheanta eile ag an am.
I gclár a dó is sa teach ósta Tí Keane ar an Mám a rinne Nimmo a oifig agus is as sin a bhí sé ag obair ar feadh tamaill, go háirithe agus é i mbun forbartha ar bhaile beag Chloch na Rón, baile atá ag forbairt 200 bliain a bhunaithe i mbliana.
Ní fhéadfaí caint faoi Alexander Nimmo gan a chuid céibheanna a luaigh, céibheanna a thóg sé chun nascanna a dhéanamh idir bhailte agus d’iascairí beaga.
Sa tríú clár cloisfimid faoin t-iascach mar a bhí, faoin gcaoi a baineadh clocha in Árainn do chéibheanna Nimmo agus cuirfear an cheist an mbeidh céibheanna Nimmo faoi uisce faoi cheann dhá chéad bliain mar gheall ar athrú aeráide.
Macalla Nimmo, Dé Máirt 04ú Meitheamh / Tue 04th June 02.05pm RTÉ Raidió na Gaeltachta