Éist Siar leis An Cúinne Dána anseo.
Scríobhtha ag Darach Ó Scolaí agus foilsithe ag a chomhlacht Leabhar Breac tá insint nua de scéal na Rúraíochta, Deirdre, maisithe ag ealaíontóir Úcráineach, Anastasia Melnykova mar Leabhar na Míosa ar RnaG.
Míníonn Darach Ó Scolaí mar is 'chuimhne na teangan' í scéala Dheirdre agus é ag caint le RTÉ.ie/Gaeilge.
Canathaobh leagan eile de scéala Dheirdre agus Chlann Uisnigh?
"Bhuel ní hé an oiread sin leaganacha atá ann ach amháin go bhfuilimid cleachtaithe ar leaganacha páistí. Ach ní hé an rud céanna é sin ar chor ar bith. Ní mar scéal do pháistí a scríobhadh nó a cumadh Deirdre, nó Oidhe Chlann Uisnigh ar dtús. Is dóigh go raibh sé mar nós na scéalta seo a chur ar fáil do pháistí."
"Rud é sin a bhain leis an athbheochan sílim ach thairis sin, bhí cúis phraiticiúil leis. Na scéalta seo, ní théann siad mórán thar thar 6000 nó 7000 focal, mar sin is deacair leabhar a dhéanamh astu mura gcuireann tú le chéile iad nó mura síneann tú amach iad, mar sin do pháistí agus pictiúir a chur leis. Nós a bhí ann le linn na hathbheochana an dá rud sin a dhéanamh."
"Is dóigh go bhfuil leaganacha den scéal gur trí leabhartha scoile, Gaeilge nó Béarla, a chuir muid eolas ar an scéal. Ní hé an oiread sin leaganachaí den scéal per se atá againn. Tá leagan Uí Chadhlaigh atá mar chuid den Rúraíocht ach arís níor scríobhadh é sin mar leagan ann féin ach mar chuid de scéal leanúnach na Rúraíochta. Tá leagan ag Kim McCone agus Pádraig ó Fiannachta sa leabhar Scéalaíocht Ár Sinsear. Ach séard tá ansin ná beagnach athinsint focal ar fhocal ar an mbunscéal."
Mar sin má táimid ag iarraidh go mbeadh an scéal ar fáil agus go mbeadh an taitneamh céanna á bhaint as ag léitheoir an lae inniu agus mar a bhí, táimid ag ceapadh, ag léitheoir nó éisteoir 1000 bliain ó shin, i ndáiríre, tá méid áirithe den ath-scríobh le déanamh."
"Ar an gcéad dul síos, ní mar a chéile an t-eolas atá ag léitheoir an lae inniu agus an t-eolas a bhí ag an léitheoir 1000 bliain ó shin. In aon cheann de na scéalta a bhain leis an Rúraíocht má chuir tú carachtar nó pearsa de chuid na ríochta i láthair, bíodh sin Conchubhar Mac Neasa nó Fearghus Mac Roith, thuig an léitheoir ar an bpointe cé bhí ann, mar sin ní raibh gá le haon chur síos nó míniú a dhéanamh".
"Mar chúlra ar scéal Dheirdre, tá aighneas idir Fhearghus agus Conchubhar. Ní déantar cur síos ar sin in Loingeas Chlanna Uisnigh. Ag an am céanna bhí sé ar eolas ag an éisteoir agus an léitheoir.
Mar sin is gá go bhfuilir in ann an t eolas sin a fhí isteach sa scéal arís don léitheoir sa lá tá inniu ann. Má tá tú ag iarraidh go mbeidh an éifeacht céanna ag an scéal ar an gcluais inniu is a bhí 1000 bliain ó shin tá tuilleadh oibre le déanamh ó thaobh próis de."
"Mar sin ní dóigh liom dáiríre go bhfuil sé sin déanta mórán ó bhí leithéidí Seathrún Céitinn ann."
Luann tú Leabhar na hUidhre agus Leabhar na Nua-Chongbhála ar an suíomh ag Leabhar Breac mar fhoinsí ar a raibh na leaganacha is sine le fáil; bhfuil sé sin inchurtha chomh maith le spriocanna Leabhar Breac scéalta clasaiceacha – Dickens, Robert Louis Stephenson, Roald Dahl – a chur ar fáil don léitheoir Gaeilge, cuid acu nach bhfuil aistrithe go fóill ach gur scéalaíocht an láidir iad?
"Sea tá sé sin fíor. Is dóigh liom gurb é an chéad sprioc a bhí againn agus atá fós ná nua-litríocht. Ach ní dóigh liomsa gur slán an nua-litríocht nó an scríbhneoireacht i nGaeilge, mura bhfuil fáil ag na scríbhneoirí agus ag na léitheoirí ar na claisicigh. Is boichte nualitríocht na Gaeilge gan na foinsí sin a bheith ní amháin ag na scríbhneoirí ach ag na léitheoirí chomh maith. Bheadh sé cosúil le bheith ag scríobh i 'bpidgin' nó i dteanga nach bhfuil cuimhne aici."
"Mar is ionann na scéalta sin agus cuimhne na teangan. Nuair a luaitear Deirdre agus a leithéidí sin, tuigimid cé tá i gceist, ní gá dúinn an scéal a insint."
"Nuair a labhairtear ar Naoise nó ar a áilleacht bíonn muid ag caint ar ghile an tsneachta ar a chneas, deirge na fola ar a ghrua, duibhe an fhéich ar a chuid gruaige. Chomh maith leis sin tá bun aircitíopanna sna scéalta sin againn, an rud seo idir Conchubhar agus an bhean óg Deirdre. Bricriu nó fiú Conán Maol Mac Mórna a bhíonn ag cothú achrainn. Go leor de na scéalta seo bhíodar á n-athscríobh thar na mblianta chomh maith. Scríobh Seathrún Céitinn leagan de Dheirdre sa bhForas Feasa mar gur ghlac sé leis gur stair a bhí ann agus nach scéalaíocht. Mar sin bhí an athnuachan sin í gcónaí laistigh den litríocht agus feiceann muide an obair seo mar chuid dhó sin."
"Chomh maith leis sin, tá guthanna eile sa litríocht; ceann de na guthanna a bhfuil muid cleachtaithe air sa nualitríocht ná guth an duine bhoicht, guth an duine dearóil, guth an duine is lú cumhachta. Tá sé sin i dtraidisiún na hEorpa, abair, le céad bliain anuas, an duine aonair. Ach tá guthanna freisin ann nach gcloistear ró-mhinic sa nGaeilge ach cloistear iad sa tSean-Ghaeilge agus is deas sin a bheith agat freisin."
"Abair guth Mhéadhbha sa Táin – ní bhfaigheadh tú guth an údaráis, an guth ceannasach sin inniu. An guth féin-mhuiníneach sin a shamhlófá leis an Táin, níl sé sin le fáil mórán i ndáiríre sa nua-litríocht. Ní amháin sa nGaeilge ach i dteangacha eile freisin. Tá sé tábhachtach go mbeadh sé sin mar chuid den stór próis atá againn."
Tá ealaín álainn agat le Anastasia Melnykova, ealaíontóir, maisitheoir ón Úcráin – conas gur tharla sé sin?
"Chuaigh sí i dteagmháil liom os cionn bliain ó shin nuair a bhíomar ag tosú ag obair ar Dheirdre agus nuair a chonaic mé an t ábhar a chur sí agam, bhí sé soiléir gurb shin í an bhean! Tá sí théis leabhar eile a réiteach dúinn, Bláthnaid, sé sin scéal Chú Raoi, a bheas ar fáil laistigh de chúpla mí. Is breá liom bheith ag obair léi agus tá súil agam go ndéanfaimid go leor leabhair eile léi."
Bhain Melnykova céim amach ó Acadamh Náisiúnta na Mínealaíne agus na hAiltireachta san Úcráin sa bhliain 2013, tar éis di staidéar a dhéanamh ar ghrafaicí agus ar eitseáil. Oibríonn sí go príomha le heitseáil dhaite, uiscedhath, dúch ar pháipéar, agus peann luaidhe. Oibríonn sí ar shaothair éagsúla ghrafaice, agus go háirithe ar leabharshuaitheantais a chruthaíonn sí do bhailitheoirí ar fud an domhain. Bíonn sí rannpháirteach i gcomórtais idirnáisiúnta agus tá duaiseanna go leor buaite aici. Ó mhí an Mheithimh 2022, is in Éirinn atá sí ag cur fúithi agus ag obair.
Is é Deirdre, foilsithe ag Leabhar Breac, Leabhar na Míosa ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Beidh An Dr Breandán Ó Cróinín agus An Dr Lára Ní Mhaoláin, beirt scoláire a bhfuil ana-chur amach acu ar an Rúraíocht, i mbun léirmheasa ar Deirdre ar An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock ar an 26 Bealtaine.
An Cúinne Dána, Dé Domhnaigh, 6.30, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tuilleadh eolais ar Leabhar Breac le fáil anseo.