Cian Ó Cíobháin agus An Taobh Tuathail ag céiliúradh an ceathrú céid ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Clár cheoil é ATT a bhfuil stádas cultaise bainte amach aige in Éirinn agus thar lear.
Beidh An Taobh Tuathail (ATT), clár ceoil éagsúil le RTÉ Raidio na Gaeltachta, á láithriú ag Cian Ó Cíobháin, chúig mbliana fichead ar an aer i mí Bealtaine 2024. Tá an seó cailiúil, ar ghlaoigh Gruff Rhys ó Super Furry Animals "one of the most radical radio shows in the world" air in agallamh san Irish Times, á chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Lá Bealtaine 1999.
Beidh craoladh comóradh ceathrú céid ATT le clos ón Luan 29ú Aibreán go dtí an Aoine an 3ú Bealtaine le ceol nua le clos ar feadh na seachtaine nár h-eisíodh roimhe seo agus ná raibh ar clos lasmuigh de na háiteanna ina deineadh na taifid, le ceoltóirí atá molta sa bhaile agus i gcéin, leithéidí Peter Gordon, Works Of Intent, Dian Cécht, Blamhaus, Elliot Adamson, The Shen, Meljoann, Man Power, Junk Drawer agus Ambient Babestation Meltdown + Borai.
"Tá éirithe leis an seó go dtí seo mar nár tháinig aon laighdú sa dúil atá agam ceol nua a aimsiú," ar sé. "Dúirt éisteoir liom gur cheap sí gur fíor sheirbhís craolta poiblí do dhaoine gur dúil leo ceol atá ann. Is údar bróid dom an méid sin a chlos."
Is dóigh leis an gCíobhánach go mhair an clár le chúig mbliana fichead toisc go bhfuil muinín ag daoine as. Toisc éisteoirí a bheith chomh gnóthach, creideann sé go gcaitheann siad muinín a bheith acu go ndéanfaidh duine paiseanta tochailt ar a son chun teacht ar phlúr an cheoil. Tá sé féin fiosrach i gcónaí agus tá suim diongbháilte aige i gceolta na cruinne.
Éist leis An Taobh Tuathail le Cian Ó Cíobháin anocht ag 10 a chlog ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le cuid dá ealaíon a bhlaiseadh.
Chomh maith leis an gceilliúradh ar an aer, beidh Cian ag cur i láthair cóisir speisialta Disco Dána i gclub oíche Cuba sa Ghaillimh ar an Satharn 4ú Bealtaine. Dóirse oscailte ag a deich. Ticéid ar fáil ar Eventbrite.