Tá clú agus cáil ar mhuintir Uí Ghriallais as a gcumas sa cheol, ach go háirithe sa sean nós. Sa bhliain 1989, labhair siad ar an gclár I live here faoin gceantar inár rugadh agus tógadh iad, Muiceanach Idir Dhá Sháile, i gConamara.
Sean-nós singers Nan, Nora and Sarah Griallais on their connection to their home place, Muiceanach Idir Dhá Sháile in Connemara. From 'I Live Here' in 1989.
Deir siad san fhíseán gur tháinig an sean-nós chucu ón gcliabhán agus nach raibh orthu é a fhoghlaim. Tá Corn Uí Riada, príomhchomórtas an tsean-nóis cleachtaithe le sealanna a chaitheamh in Muiceanach Idir Dhá Sháile ó taifeadadh an físeán seo.
Feiceann muid na deirfiúracha ag obair ar an bportach agus iad lag ag gáire, cé go bhfuil siad ag caint faoin obair mhór a bhíodh i gceist le móin a ghearradh.