Ócáid phíolótach don club sóisialta dátheangach 'Píosa Me' Gaillimh ar an Aoine beag seo, an 31ú Bealtaine, uair go mbeidh imeacht nach féidir a chailleadh ag teacht go Bóthar na Trá i nGaillimh.

Tugann an club sóisialta Gaelach nua dar teidil ‘Píosa Me’, le breis is 700 mar bhall den grúpa anois cheana féin, cuireadh do gach duine agus aon duine ar bith le aon leibhéal Gaeilge chuig a gcéad chruinniú pearsanta an tseachtain seo. Is é an príomhaidhm ag an bunaitheoir, Steph Ní Chonchúir, seans a thabhairt do dhaoine ar fud na tíre a chuid cúpla focail a úsáid i dtimpeallacht nádúrtha, gan strus agus an deis a thabhairt bualadh le cairde nua ag an am céanna.

Tá an club sóisialta, a oibríonn trí comhráite grúpa WhatsApp agus ar Instagram, ag iarraidh deis a thabhairt do thosaitheoirí agus do Ghaeilgeoirí líofa a gcuid Gaeilge a úsáid go laethúil sa ghnáthshaol agus ciorcal sóisialta de chainteoirí eile i ngach áit agus ina gceantair féin a chruthú. Ní hamháin sin, ach tá béim dearfach curtha ar shláinte agus folláine agus is bealach iontach é chun éirigh níos aclaí thar an tsamhraidh agus píosa craic a bheith agat freisin.

Tosnóidh an imeacht le snámh fharraige ag an túr tumadóireachta ag Bóthar na Trá ag a cúig. Uaidh sin leanfar díreach chuig teachín na Carraige Duibhe le haghaidh píosa bídh agus babhlaí açai ó Álainn Gaillimh. Más Gaeilgeoir líofa thú nó díreach ag tosú ar do thuras le Gaeilge, cuireann ‘Píosa Me’ fáilte romhat chuig an spraoi.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar Instagram @Píosame nó leathanach pearsanta an bhunaitheora @Stephanieoc02 agus tá na naisc do na comhráite grúpa whatsapp sa linktree insan @Píosame bio.

Mar fhocal scoir, más gnó Éireannach thú atá ag iarraidh imeacht i gcomhpháirtíocht leis an gclub a eagrú in aon áit in Éirinn nó tacaíocht a thabhairt don chlub ar aon mbealach, bí i dteagmháil le Stephanie trí ríomhphost ag stephanieoconchuir@gmail.com