Agus craoladh beo le teacht as ceithre gort peile éagsúil i Múscraí cén sórt saothar a bhíonn le déanamh ag teicneoirí Raidió na Gaeltachta leis an imirt a thabhairt chun na cistine agat féin? Is ag an tinnealtóir Brian Nammock atá an fhreagra.
Conas a chlúdaíonn sibh na láthair éagsúla le linn an Chomórtais?
"I mBaile Mhúirne tá an príomh-gort agus an 'portach' ann, an seana-ghort. Sé Béal Átha an Ghaorthaidh an príomh pháirc agus ansan an phríomh-pháirc i gCill na Martra. Tá na sean bealaigh craolta ag baint úsáide as línte teileafóin nó línte ISDN imithe anois agus craoltar gach rud anois ar IP – sé sin prótacal idirlíne nó internet protocol. Ciallaíonn sé sin go bhfuil céim mhór chun tosaigh déanta againn agus an chomórtas ar fad a chraoladh ar an mbealach sin.
Mar sin bhfuil gá le haon cháblaí a rith ón Ródaí i gCill na Martra go dtí an pháirc imeartha i mBaile Mhúirne leis an tráchtaire a chur ar an aer?
"No, ní gá. Baintear úsáid as ceangal ceallach ón Ródaí go bpioctar suas na tráchtairí air, nó ar cheangal idirlíne go dtí na boscaí acu siúd. Tig leo craoladh ar ceangal ceallach nó idirlín sreang-nasctha. Mar sin sé an idirlín sreang-nasctha an cúltaca nó an back-up agaibh? "Is ea, mar sin bheadh fibre internet an príomh-líne againn ón bpáirc agus tig linn, creid nó ná creid, an comhartha idirlíne sin a chaitheamh chomh fada leis an sáipéal áitiúil, mar shampla, a chraolann ar an idirlín céanna tré úsáid a bhaint as gréasán IP nascaithe, ‘meshed IP’. Sé sin go bhfuilimid ag baint úsáide as nasc amháin idirlíne le hiliomad imeachtaí a chraoladh."
Ag an bpointe seo táimse completely caillte ach míníonn Brian go soiléir cad tá i gceist.
"Is féidir linn craoladh ó chian, remotely. Go bunúsach beidh tráchtaire nó tuairisceoir ar thaobh an pháirc I mBaile Mhúirne, mar shampla, in ann ‘bonded cellular internet’ (ní fios dom cén Ghaeilge atá air seo) a úsáid le nasc a dhéanamh leis an bunáit sa Ródaí. Mar sin na gréasán go léir – Vodafone, eir, aon cheann de na gréasán Éireannacha – iadsan a úsáid le chéile chun comhartha maith láidir a sheoladh air go dtí an Ródaí."
Shamhlóinn go mbíodh an clúdach ceallach sin go holc go dtí seo, go háirithe in áiteanna fén tuath mar Mhúscraí, mar shampla?
"Bhíodh sé tráth, bhíodh Baile Mhúirne olc a dhóthain ach ó cuireadh an bóthar nua isteach, nó thart fén am sin, tá feabhas tagtha ar an gcóras idirlín ann. Mar sin braithim nach mbeidh aon deacracht as seo amach againn. Agus le dhá bhliain nó mar sin, tá 90% d’ábhar seach-craolta Raidió na Gaeltachta ag teach ar prótacal idirlíne nó IP ar aon chuma agus tá na hinnealtóirí tar éis dul I dtaithí ar úsáid a bhaint as an dteicneolaíocht atá ar fáil. Tá sé éifeachtach ó thaobh costas de, tugann sé caighdeáin níos airde agus tá sé níos solúbtha.
Mar sin cad é an worst-case-scenario?
"An rud ait ná, má tá an aimsir go maith, beidh an Comórtas go maith. Tig leis na tráchtairí bheith lasmuigh, fén aer, atmaisféar agus fuaimeanna na himeartha a phiocadh suas ar na mics agus mar sin de seachas a bheith greamaithe laistigh de veain. Agus an gcuireann drochaimsir isteach ar an gclúdach ar aon bhealach? Ní mórán ach amháin má tá satailít uait don IP, cuirfidh an bháisteach isteach ort mar nach ligean sé don comhartha filleadh ar spás."
Is léir go bhfuil Brian agus lucht teic RnaG feistithe, réidh agus ar stand-by for launch.
Lean clúdach Raidió na Gaeltacha ar Chomórtas Peile na Gaeltachta ar fm, ar an idirlín agus ar mobile óna 11 ar maidin Dé Satharn 1 Meitheamh.