Ag tosnú ag a 11 a chlog maidin Shatharn beag seo beidh Raidió na Gaeltachta i mbun clúdach iomlán a sholáthar d'éisteoirí ar Chomórtas Peile na Gaeltachta 2024 i Múscraí Chorcaigh.

Ag tosnú ag a 11 a chlog maidin Shatharn beag seo beidh Raidió na Gaeltachta i mbun clúdach iomlán a sholáthar d'éisteoirí ar Chomórtas Peile na Gaeltachta 2024 i Múscraí Chorcaigh.

Beidh foireann iomlán Spóirt Raidió na Gaeltachta i láthair agus i mbun tráchtaireachta beo ar an raidió, ar líne agus ar an aip ar fud an domhain. Óna 11.00am Dé Sathairn, 1 Meitheamh, óna 11.45am Dé Domhnaigh, 2 Meitheamh agus óna 10.00am Dé Luain, 3 Meitheamh, an lá go mbeidh gach aon cheann de na ceithre chluiche ceannais ar siúl ní bheidh cúl, cúilín ná calaois nach mbeidh clúdaithe ag RnaG.

Ar ghortanna caide Chill na Martra, Naomh Abán Baile Mhúirne agus CLG Béal Átha'n Ghaorthaidh a bheidh na láthair chatha, féachaint an éireoidh le héinne curaithe reatha an Chomórtais a threascairt.

Siad An Chlochán Liath agus An Tearmainn seaimpíní reatha craobhacha shinsear agus shóisear na mban, fé seach.

Bhulf Tón na Mí curaithe Sinsear reatha na bhfear agus is iad Cill Chomáin Mhaigh Eo curaithe sóisear na bhfear fé láthair.

Imreoirí Chlubanna Gaeltachta maraon le Uachtaráin an CLG, Jarlath Burns, Ceannasaí Spóirt TG4, Rónán Ó Coistealbha, Gearóid MacDonncha, Ceannaire Raidió na Gaeltachta, Cathaoirleach Choiste na Gaeilge CLG Áine Uí Choinn, ionadaí chlub Cill na Martra, Siobhán Ní Chuana agus ionadaí chlub Daingean Uí Chúis, Dónall Ó Loinsigh. [Pic: Tyler Miller / Sportsfile]

Agus na fóirní a bheidh pairteach i mbliana is ea:

Comórtas Sóisir na mBan: Micheál Breathnach (Gaillimh), Cill tSéadhna (Maigh Eo), Naomh Fionnbarra (Corcaigh), Bhulf Tón (An Mhí), Cumann Caide Chorca Dhuibhne (Ciarraí), Clann na nGael (An Mhí), Na Gaeil Óga (Áth Cliath), Naomh Abán (Corcaigh)

Comórtas Idirmheánach na mBan: Cill Chartha (Dún na nGall), Naomh Anna-Leitir Móir (Gaillimh), Naomh Abán (Corcaigh)

Comórtas Sinsir na mBan: An Tearmann (Dún na nGall), Baile Cláir na Gaillimhe (Gaillimh)

Comórtas Sóisir na bhFear: Clann na nGael (An Mhí), Lios Póil (Ciarraí), Na Gaeil Óga (Áth Cliath), Cárna Caiseal (Gaillimh), Cill Chomáin (Maigh Eo), Laochra Loch Lao (Aontroim), Naomh Muire (Dún na nGall), Cill na Martra (Corcaigh), Naomh Abán (Corcaigh), An Seanphobal (Port Láirge)

Comórtas Sinsir na bhFear: Cill Chartha (Dún na nGall), Béal Átha an Ghaorthaidh (Corcaigh), Bhulf Tón (An Mhí), An Rinn (Port Láirge), Daingean Uí Chúis (Ciarraí), Béal an Mhuirthead (Maigh Eo), Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh), Cill na Martra (Corcaigh)

Na gcluichí go léir chomh fada le cluichí leath-ceannais an Chomórtais

Dé Luain ansan, beidh an caitheamh isteach do na cluichí ceannais ar siúl óna 10 a chlog le Cluiche Ceannais Sóisear na mBan, ag a 12 meán-lae le Cluiche Ceannais Sinsear na mBan. Beidh Cluiche Ceannais Sóisear na bhFear ann ag a 2 agus Cluiche Ceannais Sinsear na bhFear ar deireadh ag 4 a chlog. Nfheadar an mbeidh pócaí falamh agus cloigeann tinn, thart fén áit - gan a bheith ag trácht ar piacháin scoirnigh idir thráchtairí agus lucht leanúna - ach is dócha go mbeidh roinnt mhaith cuimhní cinn bailithe fén am go dtagann an ceiliúradh go léir chun deiridh.

Bígí ag faire amach do chlúdach breise le linn na seachtaine agus thar an deireadh seachtaine féin.