Imreofar Comórtas Peile na Gaeltachta 2024 ar ghortanna Chill na Martra, Béal Átha an Ghaorthaigh agus Naomh Abán ag deireadh seachtaine na Cincíse ag tús Mí Meitheamh.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le hOifigeach Forbartha agus Bainisteoir Ghinearálta CLG Chill na Martra, Gearóid Ó hÉallaithe, fén réiteach agus fén bhfeitheamh ag muintir na háite do theacht na bhfóirní Gaeltacha eile. Gan mórán níos mó ná seachtain fágtha, bhfuil siad ag súil leis?

"Táimid ag súil go mór leis. An uair dheireanach go raibh sé againn, sa bhliain 2005, agus tá rudaí athraithe go mór chun na fírinne a insint. Tá an comórtas éirithe i bhfad ní ba mhó. Tá peil na mban tar éis treisiú ar fud na tíre agus gan dabht tá ionadaíocht ana-mhaith ag peil na mban i gComórtas Peile na Gaeltachta anois."

Gort glas Naomh Abán

"Ó thaobh an dá dúshlán ba mhó a bhí romhainn ná na háiseanna agus an infreastruchtúr, abair, a bheith i gceart roimh cuairteoirí do theacht dúinn agus gan dabht an lóistín."

"So tá an dá rud sin curtha ina gceart againn anois. Tá an lóistín socraithe ag beirt bhan iontach linn anseo, Michelle agus Louise, agus tá foireann ana-mhór anseo sa Chumann agus lasmuigh den gCumann agus gach éinne áitiúil ag cabhrú go mór linn. Na háiseanna agus gach rud a bheadh ag teastáil ó phobal – soláthar uisce, mar shampla, gach aon áis atá ag teastáil do shlua chomh mór leis an slua a thagann le Comórtas Peile na Gaeltachta chun go mbeidís compordach agus chun go mbeidh aire tugtha dóibh chomh maith, i gCill na Martra, don tréimhse ina mbeidh siad inár teannta."

Gan amhras tá maoiniú áirithe rialtais faighte agaibh le tamall beag anuas agus is cabhair sin – ach tá gach rud ó thaobh 'logistics' réidh agaibh?

"Díreach é, ach caithfimid ana-mholadh a thabhairt dár gcomharsan anseo i Múscraí, ár gcomharsan Gaeltachta, Cumann Peile Naomh Abán, mar beidh timpeall sé chluiche ar siúl i mBaile Mhúirne agus beidh ceithre chluiche ar siúl i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus timpeall cúig chinn déag ansan i gCill na Martra. Is mar sin a thitfidh an comórtas amach agus gan cabhair na gcomharsan bheimíst i bponc."

Clubtheach Bhéal Átha an Ghaorthaigh

Is dócha ó thaobh Cill na Martra de go gcaithfear cead a bheith agat bheith claonta ach cad é an sprioc is dócha a bheadh agaibh féin mar sin?

"Cinnte. Bhuel do cháilíomar cheanna féin do chluiche ceannais sinsir na bhfear sa bhliain 2017. B’shin an toradh ab fhearr a bhí againn riamh ach sinn sa bhaile anois. Nuair a bhí sé anseo sa bliain 2005 do bhuaigh ár gcomharsan áitiúil Naomh Abán orainn sa leathchraobh. Bheimist ag súil go mór cáiliú cinnte don chluiche ceannais agus é sa bhaile againn."

"Bhí ana-bhliain againn anuraidh gan dabht. Do bhaineamar amach craobhchomórtas idirmheánach príomha Chorcaí agus craobh na Mumhan chomh maith. So bheimist ag súil go mbeidís níos láidre fós ná mar a bhíomar thiar sa bhliain 2005."

"Anois le himreoirí le corr ghortú agus mar sin de tá a lán san áireamh agus tá a lán nach bhfuil aon smacht againn air. Ach táimid ag guí gach rath ar na himreoirí go léir; ní hamháin sinn féin ach na himreoirí go léir a thiocfaidh chugainn ar cuairt agus cífimid conas a thitfidh rudaí amach ansan."

Má bhíonn géar iomaíochta ar an bpáirc pheile féin is ócáid sóisialta atá i gceist anseo freisin?

"Ó cinnte, bhíomar thuas i nDún na nGall anuraidh agus bhaineamar an-taitneamh go deo as, cé gur bhuaigh Bhulf Tón orainn, an dream a bhain amach an chraobh ar fad. Ach an taobh sóisialta bhí sé go hiontach ann."

"Mar tá na cuimhní cinn againn ó ghach comórtas agus ó 2005 chomh maith, gan dabht. Is iontach an méid na rudaí iad agus táimid ag súil go ndéanfaimid cinn níos mó agus cinn chomh taitneamhach is a bhíodar san agus gach comórtas agus i gCill na Martra anso."

"Ach tá a lán ag brath ar an aimsir is dócha mar bíonn gach rud níos fearr le dea-aimsir! Na cuimhní cinn is fearr atá againn ar gach comórtas ná cinn go raibh an aimsir báúil."

Agus guímid go mbeidh déithe na haimsire claonta go fábharach i dtreo thailte Mhúscraí don ócáid.

Mar a bhí anuraidh i nDún na nGall, beidh an 'radio' ann i Múscraí mar is dual.

Éist le clúdach Chomórtas Peile na Gaeltachta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.