Ar cheann de na clubanna nach den Ghaeltacht iad a bheidh páirteach i gComórtas Peile na Gaeltachta is ea Na Gaeil Óga, club gan clubtheach, gan gort imeartha, gan láthair baile buan. Táid i mbun stocaireachta ar mhaithe lena gcás a fheabhsú.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Nichola Oman, Oifigeach Forbartha Na Gaeil Óga, faoi iarrachtaí na mbaill buannaíocht éigin a éileamh agus a bhaint amach. Tá an chumann lonnaithe i Leamhcán in iarthar Chontae Átha Cliath.
Bhfuil sibh cláraithe le haonad na ndúthaigh poiblí, a dháileann na páirceanna ar chlubanna ina gceantair?
"Táimid cláraithe leis an gComhairle Chontae do Bhleá Cliath Theas fé láthair, tá."
Is cosúil gur thairg siad cúpla seal do Na Gaeil Óga i bPáirc Airlie i Leamhcán – gort airtifiseálta atá ann – ach gur dhiúltaigh sibh, de réir tuairiscí áirithe sna meáin, don tairiscint sin, bhfuil sé sin fíor?
"Tá, thug siad dhá sheal dúinn sa pháirc uile-aimseartha i bPáirc Airlie, ceann acu ag a 5 a chlog san iarnóin. Mar dhaoine atá i mbun an chlub go deonach níl seans dá laghad go bhfeadfaimis bheith sa bhaile (ón obair), sinn féin a réiteach – ach go háirithe na cóitseálaithe – agus casadh timpeall agus dul amach agus seisiún traenála a chur ar fáil ag a 5 a chlog san iarnóin. Ba shin an príomh chúis gur dhiúltaíomar leis an gceann sin. Ach d'úsáideamar ceann amháin, go háirithe roimh Nollaig, mar sin níl sé cruinn a rá gur dhiúltaíomar leis an dá cheann."
Tá forbairt ar siúl i Lána Tandy i Leamhcán agus roinnt tacaíochta á fháil ag Na Gaeil Óga ó chomhairleoirí áitiúla go bhfaigheadh sibh baile i ann?
"Arís thugadar Lána Tandy dúinn go hoifigiúil ach, faraor, ní rabhamar ábalta an pháirc ann a úsáid mar go raibh sé in úsáid ag cumann cruicéid agus bhí rian na himeartha sin – go leor gainimh agus mar sin de – a d'fhág an talamh lofa. Ní miste linn an pháirc a roinnt ach ní rabhamarna in ann é a úsáid mar go raibh gá an talamh a athchóiriú de bharr scrios an ghainimh."
Creidim go bhfuil babhta dáilithe páirceanna nua ann i Mí Iúil; bhfuil dóchas agaibh go bhfaighidh sibh cothrom na féinne ó lucht dáileacháin na sealanna?
"Tá an chuma air go bhfaighimid páirc áitiúil. Ní heol dom go hoifigiúil ach tá roinnt scéal ag dul thart go bhfuil Lána Tandy le tabhairt dúinn. Bheadh sé sin go breá dá dtarlódh sé ach creidimid fós nach bhfuil cothrom na féinne á fháil againn. Tá cúig páirc CLG sa cheantair agus tá dhá chlub CLG ann; muidne agus club amháin eile agus tá an chlub eile ag baint úsáide as an cúig pháirc sin an t-am ar fad. Níl cothrom na féinne ar chor ar bith ansin dúinne agus d’ár bpáistí."
Dá mbronnfaí páirc Tandy’s Lane oraibh is fúibhse a bheadh am na sealanna a leagadh síos, ab ea?
"Sin é, cinnte."
Mar sin beadh sé sin ina dhea-thoradh?
"Bheadh, cinnte dearfach, bheadh sé ar fheabhas dúinn." An eol duit go bhfuil an féar réidh le himirt ann go fóill? "Níl a fhios agam go fóill. Mar a dúirt mé bhíomar le dul isteach ann agus ansan tháinig an t-eolas chugainn nach raibh an talamh réidh, níl an t-eolas sin agam faoi láthair."
Cathain a bhí sibh le dul isteach ann?
"Bhíomar le dul isteach ann roimh Nollaig agus ina dhiaidh, tar éis an tsosa Gheimhridh. Ba shin an t-am a bhí i gceist."
Cén teachtaireacht a bheadh agaibh ag comhairleoirí contae nó bainistíocht Comhairle Contae Bleá Cliath Theas?
"Táimid ag iarraidh cothrom na féine do na páistí seo go léir atá ar bhaill do Na Gaeil Óga. Táimid ag iarraidh an seans a thabhairt dóibh an Ghaeilge atá acu a úsáid lasmuigh de suíomh na scoile. Sin an príomhrud atáimidne dírithe air. Tá cúig páirc CLG ansin gur féidir linn a roinnt agus ba bhreá linn díriú isteach air sin agus rud éigin a shocrú."
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Beidh Na Gaeil Óga san iomaíocht ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2024 in ainneoin na ndúshlán.