Mar chuid de Creidim Ionat tá an cór pobal As Béal a Chéile, faoin stiúirthóir cheoil, Máire Nuinseann, i mbun meantóireachta ar an gcór Ukrainian Action Choir, faoi stiúir Oleksandra Pishcheiko, leis an amhrán 'Óró Sé do Bheatha Abhaile' a mhúineadh dóibh. Conas d'éirigh leo?

As part of Creidim Ionat the community choir As Béal a Chéile under the direction of their musical director, Máire Nuinseann, mentored the Ukrainian Action Choir, under the direction of Oleksandra Pishcheiko, in teaching them the song 'Óró Sé do Bheatha Abhaile'. How did they get on?

"Ní raibh sé chomh furasta 'Óró Sé Do Bheatha Abhaile' a thabhairt linn," arsa Oleksandra nó Alex, "óir go raibh orainn foghlaim conas an fhoghraíocht a fháil i gceart ach le tacaíocht Mháire, rinneamar é."

"Mar sin ba chun aithne a chur ar an gcultúr áitiúil seachas an t-amhrán féin a fhoghlaim amháin a bhí romhainn."

"Mar Úcránaigh, cheanglaíomar láithreach le spiorad reibiliúnach an amhráin. Ceapann sé smior an cheoil traidisiúnta Úcráineach agus Gaelach, an frithbheartaíocht agus an bród as an saoirse againn mar dhaoine.

"Mar sin ba chun aithne a chur ar an gcultúr áitiúil seachas an t-amhrán féin a fhoghlaim amháin a bhí romhainn. Tá sé sin fíorthábhachtach don phobal Úcránaigh atá tagtha anseo ar chúiseanna gur furasta a aithint."

"Anois is féidir linn bheith páirteach in aon seisiúin agus a thuiscint go bhfuil fáilte romhainn, toisc an taithí seo."

"Togra den scoth a bhí i gceist dúinne anseo," dar le Máire Nuinseann.

"Is cór nua muid, a bhunaigh Seán Ó Duinn, Úna Johnston agus Martin Hickey bliain ó shin. Bhí sé ar fheabhas deis a fháil canadh agus comhoibriú le Oleksandra agus cór na hÚcráine don feachtas seo… an-spraoi, spóirt and spreagadh agus muide ag cur an píosa ceoil le chéile."

"Is dóigh liom go raibh brí ar leith ag baint leis an amhrán seo don dá chór agus ar ndóigh táimid ag súil le hamhrán nó dhó eile a dhéanamh le chéile amach anseo b'fhéidir!"

Féach mar a thosaigh an scéal sa chéad dá físeán agus mar a chríochnaigh sé sa cheann deireadh.

Watch how the whole story unfolded in the first two videos and the finished item in the third video below.

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Bí ag leanúint #CreidimIonat chun dul chun cinn na meantóirí agus na meantaithe a leanúint agus chun d'aistear agus do sprioc féin a chomhroinnt.

Cláraigh anois ar www.forasnagaeilge.ie agus cláraigh don nuachtlitir chun an nuacht agus tacaíocht ar fad is déanaí a fháil maidir le d'aistear.