Tá go leor ar siúl an tseachtain seo idir ócáidí agus siamsaíocht, agus tá go leor noda agus acmhainní againn duit a chabhróidh leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge freisin. Mar sin, coinnigh ort ag léamh! Beidh tú i do shaineolaí go luath.
There's so much happening this week between events and entertainment, and we have some great tips and resources for you that will help you to improve your Irish. So, keep reading! You’ll be an expert in no time.
An raibh a fhios agat go bhfuil Sinéad ag tuairisciú ar phobail a dhéanann meantóireacht ar a chéile?
Beidh Sinéad ag tacú le pobail, ó Bhaile Átha Cliath go Doire, le linn an fheachtais agus ag tabhairt cúnaimh do ghrúpaí áitiúla chun a spriocanna Gaeilge a bhaint amach. An tseachtain seo, tá sí ag tacú leis an Ukrainian Action Choir, a bhfuil sé mar sprioc acu amhrán Gaeilge a fhoghlaim ó chór lán-Ghaeilge, As Béal A Chéile. Féach ar a dturas Creidim Ionat go dtí seo anseo.
Did you know that Sinéad is visiting communities who are mentoring each other? From Dublin to Derry, Sinéad will be supporting communities during the campaign, helping local groups to achieve their Irish language goals. Sinéad is in Dublin this week to support a choir from Ukraine whose goal it is to sing an Irish song with the help of another choir. Watch this video to find out how they're getting on.
Bíonn seisiúin eolais shaor in aisce á gcur ar fáil ag Gael Linn gach Déardaoin ag 19:00, ina gcuireann aoichainteoirí difriúla ábhar éagsúla i láthair chuile sheachtain. Beidh Glór na nGael agus Gaeloideachas ag roinnt eolais faoi na buntáistí a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge an tseachtain seo, ar 18 Aibreán. Is féidir clárú do na seisiúin anseo.
Gael Linn offers free information sessions every Thursday at 7pm. Each week, they discuss different topics presented by an array of guest speakers. This week, on 18 April, Glór na nGael and Gaeloideachas will come together to offer tips on how to raise a family with Irish alongside the related benefits. You can sign up for the free information sessions here.
Tá tascanna Gaeilge deartha againn duit, atá bunaithe ar na meantóirí agus na meantaithe ó fheachtas Creidim Ionat i mbliana. Cliceáil anseo, roghnaigh meantóir/meantaí, agus cuir ticeanna sna boscaí nuair a bhíonn na tascanna críochnaithe agat. Beidh suaitheantas fíorúil le fáil má chríochnaíonn tú gach ceann acu.
We’ve designed some Irish language tasks for you, based on the mentors and mentees of this year’s Creidim Ionat campaign. Click here to choose a mentor/mentee, and tick the boxes as you complete the tasks. You will receive a badge at the end of each week that you can share on social media!
Ná déan dearmad go bhfuil lascaine 25% ar fáil ar shuíomh gréasáin ranganna.com. Úsáid an cód CREIDIM-2024 le lascaine 25% a fháil ar chúrsa féin-stiúrtha.
Don’t forget that you can avail of a 25% discount on ranganna.com. Use the code CREIDIM-2024 to get 25% off a self-taught course.
Achieve your Irish language goal at forasnagaeilge.ie. #CreidimIonat